Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Plean nua don chultúr san Eoraip

  • Alt nuachta
  • 12 Samhain 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Two woman admire paintings at a market stall

 

Tá ról lárnach ag an gcultúr maidir lenár bhféiniúlacht Eorpach a chothú, an éagsúlacht a cheiliúradh agus chun sinn go léir a thabhairt le chéile. Cuidíonn sé chun ár ndaonlathas agus ár n-athléimneacht a neartú agus cuireann sé leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an iomaíochas. Inniu tá an Compás Cultúir don Aontas Eorpach curtha chun cinn ag an gCoimisiún, plean a ceapadh chun beartas cultúir an Aontais a mhúnlú.

Leis an gCompás Cultúir, treorófar beartas an Aontais i dtreo Aontas Eorpach

  • a sheasann le luachanna Eorpacha agus le cearta cultúir, agus a threisíonn iad
  • a chumhachtaíonn ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha
  • a bhaineann leas as an gcultúr agus as an oidhreacht chultúrtha le bheith níos iomaíche, níos athléimní agus níos comhtháite
  • a dhéanann caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí cultúrtha idirnáisiúnta a mhóradh.

Go praiticiúil, déanfaidh sé an méid sin tríd an iliomad sócmhainní cultúrtha atá ag an Eoraip a chur chun cinn. Tabharfaidh sé aghaidh freisin ar bhacainní a chuireann bac ar thionscail chultúir agus chruthaitheachta amhail srianta ar léiriú ealaíonta, slite beatha míshocra ealaíontóirí, neamhionannas deiseanna, agus tionchar claochlaitheach na hintleachta saorga (IS).

Le tuarascáil nua ar staid an chultúir san Aontas, rianófar an dul chun cinn in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta, agus béim ar leith á leagan ar an tsaoirse ealaíne.

Seolfar roinnt tionscnamh nua freisin, ina measc sin

  • Cairt Ealaíontóirí nua de chuid an Aontais le haghaidh dálaí oibre cothroma d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúrtha
  • Duais Eorpach do na Taibhealaíona
  • Mol sonraí cultúrtha de chuid an Aontais agus Líonra Ambasadóirí Óige Cultúrtha chun rochtain daoine óga ar an gcultúr a fheabhsú
  • straitéis IS d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta
  • nuashonrú ar straitéis an Aontais maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta

Tá an Coimisiún ag iarraidh anois ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle dearbhú comhpháirteach a shíniú chun tiomantas polaitiúil an Aontais don chultúr a neartú a thuilleadh.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint – Compás Cultúir nua don Aontas Eorpach seolta ag an gCoimisiún

Ceisteanna agus freagraí maidir le Compás Cultúir don Aontas Eorpach

Forléargas ar an gcultúr san Aontas Eorpach

Suíomh gréasáin faoin gcultúr agus faoin gcruthaitheacht san Aontas Eorpach

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Samhain 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide