I sochaithe daonlathacha oscailte, is féidir le gach duine é féin a chur in iúl, páirt iomlán a ghlacadh, agus leas a bhaint as na cearta agus na saoirsí atá aige. Ach tá naimhde ag an daonlathas san Eoraip chomh maith. Tá roinnt daoine tar éis iarracht a dhéanamh teacht i dtír ar an deighilt shochaíoch agus mí-eolas a scaipeadh d’fhonn guth daonlathach na saoránach a lagú nó chun cor a chur i bhfeachtais toghcháin. Chuige sin, tá an Coimisiún tar éis bearta nua a chur chun cinn chun an méid seo a leanas a dhéanamh: cinnte a dhéanamh de thrédhearcacht na hionadaíochta leasa eachtraigh a fhéachann le tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta san Aontas, trí chaighdeáin chomhchoiteanna chuntasachta agus clár Trédhearcachta a bhunú le haghaidh eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa thar ceann tríú tíortha próisis thoghchánacha san Aontas a neartú, tacú le rátaí arda vótálaithe, agus cosaint a thabhairt do bhonneagar agus cibearshlándáil a bhaineann leis an toghchánaíocht cinnte a dhéanamh de go bhféadfaidh saoránaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirt a ghlacadh sa cheapadh beartais trí thíortha an Aontais a spreagadh le cur chuige níos seasmhaí agus níos eagraithe a fhorbairt maidir leis an rannpháirtíocht shibhialta Tá méadú ag teacht ar an imní atá ann san Aontas gur féidir le rialtais eachtracha teacht i dtír ar oscailteacht ár sochaithe. I suirbhé a rinneadh le déanaí san Aontas, d’aontaigh 81% de na freagróirí gur fadhb thromchúiseach í cur isteach eachtrach ar ár gcórais dhaonlathacha. Ag an am céanna, ní mór dúinn leanúint de bhealaí a aimsiú chun ár gcórais dhaonlathacha a dhéanamh níos athléimní trí rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh iontu. Cuireann an pacáiste nua seo leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a glacadh in 2020. Gníomhaíocht bhreise thábhachtach is ea é chun córais dhaonlathacha ar fud an Aontais a neartú roimh thoghcháin Eorpacha 2024. Tuilleadh eolais An daonlathas a chosaint Bileog eolais faoi na tograí maidir le Cosaint an Daonlathais Preaseisiúint: Cosaint an Daonlathais – Molann an Coimisiún go dtabharfaí tionchar eachtrach ceilte chun solais Ceisteanna agus freagraí: Cosaint an Daonlathais Suirbhé Eorabharaiméadair maidir leis an daonlathas Sonraí Dáta foilsithe12 Nollaig 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide