Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bearta nua chun amhábhair a fháil agus slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú

  • Alt nuachta
  • 3 Nollaig 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
View of different materials recycled by Umicore such as electronic scrap from old mobile phones to motherboards and printed circuit boards

 

Tá roinnt tionscnaimh nua molta ag an gCoimisiún chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú agus chun borradh a chur faoin iomaíochas.

Cur chuige straitéiseach chun slándáil eacnamaíoch na hEorpa a neartú

Leagtar amach sa chur chuige nua céimeanna nithiúla chun an tAontas a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní i bhfianaise bagairtí eacnamaíocha seachtracha atá ag dul i méid, agus é oscailte agus tiomanta i gcónaí don trádáil agus don infheistíocht idirnáisiúnta. Chun a shlándáil eacnamaíoch a fheabhsú, tá sé i gceist ag an Aontas leas a bhaint as na hionstraimí atá ann cheana, gan beann ar a gcuspóir bunaidh, agus úsáid níos réamhghníomhaí a bhaint as a bhosca uirlisí nuair is gá. 

Ar na príomhbhearta tá:

  • cur chuige níos réamhghníomhaí agus níos spriocdhírithe agus béim ar 6 réimse ardriosca tosaíochta
  • úsáid chomhordaithe straitéiseach uirlisí chun gníomhaíocht an Aontais a fheabhsú
  • feabhas a chur ar mheasúnú riosca agus bailiú agus comhroinnt eolais chun idirghabháil thráthúil éifeachtach a chinntiú
  • bosca uirlisí slándála eacnamaíche an Aontais a chomhlánú le huirlisí nua, mar shampla RESourceEU, chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann faoi láthair
  • comhar idirnáisiúnta le comhpháirtithe iontaofa, comhchaighdeáin slándála eacnamaíche a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin le chéile

Plean gníomhaíochta RESourceEU chun amhábhair a dhaingniú, spleáchais a laghdú, agus borradh a chur faoin iomaíochas

Cuireann plean gníomhaíochta RESourceEU leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus is é is aidhm dó dlús a chur leis na hiarrachtaí, agus na hiarrachtaí sin a mhéadú, chun soláthar amhábhar criticiúil an Aontais a dhaingniú do phríomhearnálacha tionsclaíocha agus slabhraí luacha an Aontais a chosaint ar shuaitheadh soláthair. San áireamh leis an méid sin tá earnálacha amhail mótarfheithiclí, mótair thionsclaíocha, cosaint, aeraspás, sliseanna IS, agus lárionaid sonraí. 

Dírítear sa phlean gníomhaíochta ar an méid seo a leanas:

  • tionscal na hEorpa a chosaint ar shuaití geopholaitiúla agus praghsanna trí Lárionad Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a bhunú chun na slabhraí soláthair a éagsúlú agus a neartú, trí úsáid a bhaint as Ardán na nAmhábhar chun an t-éileamh a chomhiomlánú, amhábhair straitéiseacha a cheannach go comhpháirteach agus comhaontuithe ceannaigh a dhaingniú, agus trí chur chuige comhordaithe de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le hamhábhair chriticiúla a stoc-charnadh
  • tionscadail amhábhar criticiúil a chur chun cinn trí infheistíochtaí a dhí-rioscú agus trí dhlús a chur le ceadú, rud a d’fhéadfadh spleáchais a laghdú suas le 50% faoi 2029. Sna 12 mhí amach romhainn, tacóidh cistí an Aontais dar luach €3 bhilliún le tionscadail lenar féidir soláthairtí malartacha a chur ar fáil sa ghearrthéarma
  • dul i gcomhpháirtíocht le tíortha atá ar aon intinn chun slabhraí soláthair a neartú agus a éagsúlú, ag cur leis na 15 chomhpháirtíocht straitéiseacha atá ann cheana le tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de, agus ag an am céanna oibriú ar chreataí nua infheistíochta

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint – slándáil eacnamaíoch

Bileog eolais – slándáil eacnamaíoch

Preaseisiúint – RESourceEU

Ceisteanna agus freagraí – RESourceEU 

Bileoga eolais – RESourceEU

Iomaíochas

Sonraí

Dáta foilsithe
3 Nollaig 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide