Léirítear sa chéad tuarascáil maidir le Staid na Deacáide Digití nach mór dúinn dlús a chur lenár n-iarrachtaí comhchoiteanna agus doimhniú a dhéanamh orthu chun aistriú digiteach na hEorpa a thabhairt chun cinn. Comhar idir na Ballstáit, beart beartais a ghlacadh agus tuilleadh infheistíochtaí, tá siad sin ríthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach. Léirítear sa tuarascáil nach mór scileanna digiteacha a bheith i gcroílár ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát. Tá gá le hathchóirithe chun oideachas a chur ar dhaoine tréitheacha, iad a mhealladh agus iad a choinneáil. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh rochtain ag cách ar sheirbhísí digiteacha poiblí, agus na huirlisí is gá a chur ar fáil do chách chun tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach. Ina measc sin tá cumhdach móibíleach ardluais i ngach áit, rochtain ar líne ar thaifid sláinte, agus úsáid sainaitheantas leictreonach. Cuirtear moltaí nithiúla chun cinn sa tuarascáil, go háirithe maidir leis an dóigh chun bearnaí infheistíochta a dhúnadh agus dlús a chur leis an aistriú digiteach. Oibreoidh an Coimisiún as lámh a chéile leis na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh agus chun ár gcomhspriocanna a bhaint amach. Tuilleadh eolais Deacáid Dhigiteach na hEorpa Bileog eolais maidir le Staid na Deacáide Digití An chéad tuarascáil maidir le Staid na Deacáide Digití Ceisteanna agus freagraí i ndáil leis an gcéad tuarascáil maidir le Staid na Deacáide Digití Preaseisiúint: Sa chéad tuarascáil maidir le Staid na Deacáide Digití, iarrtar gníomhaíocht chomhchoiteann chun an t-aistriú digiteach a mhúnlú Sonraí Dáta foilsithe27 Meán Fómhair 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide