Cad atá i gcoiteann ag Erasmus, an Euro, Galileo agus Schengen? Is tionscnaimh íocónacha de chuid an Aontais iad go léir a d’athraigh treo na hEorpa. Bunaíodh iad go léir tar éis do Choláiste na gCoimisinéirí iad a chomhaontú go hoifigiúil ar dtús agus tar éis don Choimisiún Eorpach iad a mholadh, le linn ceann dá chruinnithe seachtainiúla. Inniu tá an 2,500ú cruinniú dá leithéid á chomóradh againn, ar cruinniú cinniúnach é gan amhras!Ón gcéad chruinniú a reáchtáladh i mí Eanáir 1958, tá ról lárnach ag cruinniú Choláiste na gCoimisinéirí i bpróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh. Is sna cruinnithe sin agus i dteannta a chéile a dhéantar cinntí maidir le tograí ón gCoimisiún agus glacann an Coimisiún go hoifigiúil leo. A luaithe a chomhaontaítear na tograí, seoltar chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Parlaimint na hEorpa iad lena scrúdú agus lena nglacadh.Is é Uachtarán an Choimisiúin a shocraíonn an clár do gach cruinniú agus bíonn dlúthbhaint idir an clár sin agus clár oibre bliantúil an Choimisiúin. Cuirtear gach mír ar an gclár i láthair, gach Coimisinéir ag cur i láthair na míre a bhaineann lena réimse cúraim féin. Tá an Coláiste comhdhéanta den Uachtarán agus 26 Choimisinéir, a bhfuil punann ainmnithe ag gach duine acu. Gach maidin Dé Céadaoin, tagann siad le chéile sa Bhruiséil chun forbairtí reatha a phlé agus chun tograí nua a ghlacadh. Le linn sheisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, is ar an Máirt, i Strasbourg, a bhíonn an cruinniú.Cén méid atá ar eolas agat faoin gCoimisiún Eorpach? Tabhair faoinár dtráth na gceist go bhfeicfidh tú!Tuilleadh eolaisAn chaoi a ndéantar cinntí san Aontas EorpachCinntí a dhéanamh le linn na gcruinnithe seachtainiúla Sonraí Dáta foilsithe11 Meán Fómhair 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide