
A bhuí le straitéis iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais, na héisc a thabharfar i dtír chugainn, beidh siad sábháilte, beidh siad go hiomlán inrianathe, agus beidh modh a bhfoinsithe inbhuanaithe, ionas go mbeidh togha an éisc ar an mbord againn gach lá. Is cuid ríthábhachtach de rathúnas agus de shlándáil bia na hEorpa atá i réimse an iascaigh agus i réimse an dobharshaothraithe. Breis agus 200 000 duine atá fostaithe sna réimsí céanna. Tá fís leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an iascach agus an dobharshaothrú mar a bheidh as seo go dtí 2040, chun tacú le hiascairí, le táirgeoirí dobharshaothraithe agus le pobail áitiúla.
Leagtar roinnt príomhthosaíochtaí amach san fhís sin:
An t-aistriú fuinnimh
As seo go dtí 2030, beimid ag cur feabhais ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éifeachtúlacht acmhainní, agus ag forbairt teicneolaíochtaí nua. Ó 2030 ar aghaidh, díreofar isteach ar uas-scálú teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, rud a dtacófar leis trí mhaoiniú, trí bhonneagar agus trí nuachóiriú cabhlach.
Soláthar bia uiscigh na hEorpa a dhaingniú agus tomhaltóirí a spreagadh go roghnóidh siad táirgí uisceacha arna ndéanamh san Aontas
Tacóidh an Coimisiún le hinfheistíocht i soithí, sa nuálaíocht agus in éagsúlú ioncaim.
Chun borradh a chur faoin éileamh ar bhia uisceach AE, tacóidh an Coimisiún leis an éagsúlú agus cuideoidh sé le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Ina theannta sin, cuirfidh sé an inrianaitheacht dhigiteach chun cinn i dtaobh gach táirge ó cheann ceann an tslabhra soláthair, rud a dhéanfaidh sé faoi 2029. Beidh sé sin ina chuidiú i dtaobh an trédhearcacht agus an luach margaidh a neartú, agus i dtaobh muinín a chothú.
Cruthú na ndálaí is dual don rath
Chun an Fhís a fhíorú, seolfaidh an Coimisiún tionscnaimh spriocdhírithe chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- cur leis an rochtain ar mhaoiniú
- tacú le hiascairí mionscála
- taighde agus nuálaíocht a neartú chun gur fearr a fhéadfar infhaighteacht stoic éisc a thuar amach anseo
- caighdeáin chomhchuibhithe oiliúna agus deimhniúcháin a thabhairt isteach
- Straitéis um athnuachan gorm ó ghlúin go glúin a sheoladh in 2027 chun cuidiú i dtaobh na glúnta óga a mhealladh chun na hearnála.
Gníomhú ar fud an domhain chun an inbhuanaitheacht agus an chothroime a chosaint
Leis an bhfís, cuirfear iascach inbhuanaithe chun cinn ar fud an domhain, agus san am céanna, cuideofar i dtaca lena chinntiú go bhfuil soláthar éagsúlaithe athléimneach de bhia uisceach san Aontas, rud a dhéanfar:
- trí dhlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
- trí rialacha iascaigh idirnáisiúnta a neartú
- trí shraith nua de Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a fhorbairt
Leanfaimid orainn ag coimeád cothrom iomaíochta i réim agus ag cosaint shlabhra luacha iascaigh na hEorpa ar iomaíocht dhomhanda éagórach.
Forbraíodh an fhís trí phróiseas fairsing rannpháirtíochta a raibh na dreamanna seo a leanas rannpháirteach ann — iascairí, táirgeoirí dobharshaothraithe, an tionscal próiseála éisc, tíortha an Aontais, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhairlí comhairleacha, daoine óga agus saoránaigh.
Tuilleadh eolais
Fís 2040 um an iascach agus an dobharshaothrú
Bileog eolais faoi Fhís 2040 um an iascach agus an dobharshaothrú
An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan
An t-aigéan a chosaint as lámh a chéile
- Dáta foilsithe
- 20 Deireadh Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide