
Cuirtear tús inniu le Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, an t-imeacht bliantúil is mó atá tiomnaithe do bheartas comhtháthaithe an Aontais. Ag an imeacht ceithre lá seo tugtar le chéile meascán éagsúil páirtithe leasmhara, ó pholaiteoirí go gnólachtaí agus ón tsochaí shibhialta go dtí an saol acadúil, chun plé a dhéanamh ar dhúshláin choiteanna do réigiúin agus do chathracha na hEorpa agus chun breathnú siar ar an iliomad éachtaí atá bainte amach.
Is é beartas comhtháthaithe an Aontais straitéis an Aontais Eorpaigh chun forbairt chomhchuí fhoriomlán a Bhallstát agus a réigiún a chur chun cinn agus chun tacú léi. Is é sin an chaoi a gcuidíonn an tAontas lena réigiúin bheagfhorbartha breith suas le meán an Aontais.
Le cúig bliana anuas, lean an Beartas Comhtháthaithe de bheith ag déanamh beart de réir a bhriathair do shaoránaigh an Aontais, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tacaíocht a thabhairt do 2.7 milliún gnólacht
- bonneagar agus trealamh oideachais a leathnú, rud a théann chun tairbhe do thart ar 18 milliún leanbh agus duine óg
- tacú le 260,000 post a chruthú i bhfiontair nua
- 13.5 milliún duine a chosaint a bhuí le bearta cosanta ar thuilte
- feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh 380,000 teaghlach
- feabhas a chur ar an nasc leathanbhanda do 3.1 milliún teaghlach
- tacaíocht a thabhairt do 12.8 milliún duine ar a laghad chun páirt a ghlacadh san oideachas agus san oiliúint
Chuidigh sé freisin le réigiúin uile an Aontais aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, is iad sin paindéim COVID-19, insreabhadh dídeanaithe ón Úcráin tar éis chogadh foghach na Rúise, agus an ghéarchéim fuinnimh a tharla ina dhiaidh sin.
Is colún bunúsach de thionscadal an Aontais é na héagothromaíochtaí idir réigiúin agus cathracha an Aontais a laghdú. Is féidir an beartas réigiúnach a rianú siar go dtí Conradh na Róimhe agus bunú na gComhphobal Eorpach in 1957. Réitigh sé sin an bealach chun Ard-Stiúrthóireacht thiomnaithe um Beartas Réigiúnach a chruthú in 1968 agus chun Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a chruthú in 1975.
Tuilleadh eolais
Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha
- Dáta foilsithe
- 7 Deireadh Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide