
Tharraing an Coimisiún aird inniu ar an dul chun cinn atá déanta i mbeartas sláinte an Aontais le ceithre bliana anuas.
In 2020, léirigh paindéim COVID-19 gurb iad dlúthpháirtíocht, comhoibriú agus gníomhaíocht chinntitheach an Aontais an bealach chun tosaigh. Le Straitéis an Aontais um Vacsaíní cinntíodh go raibh rochtain chomhionann ag saoránaigh uile an Aontais ar vacsaíní, le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais cumasaíodh athoscailt shábháilte na gníomhaíochta eacnamaíche agus sóisialta, agus le SURE cuidíodh le 31 mhilliún oibrí tionchar eacnamaíoch na paindéime a shárú. Trínár gcur chuige ‘Team Europe’, ba é an tAontas an deontóir vacsaíní ba mhó agus chuir sé beagnach €54 bhilliún de thacaíocht éigeandála ar fáil do thíortha comhpháirtíochta.
Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 a bhí Aontas Sláinte na hEorpa, a tháinig chun cinn i mí na Samhna 2020 agus príomhchuspóir ar leith aige – saoránaigh agus othair a chur i lár an aonaigh, a sláinte a chosaint agus a saol a athrú.
Na príomhnithe a baineadh amach:
- Bearta slándála sláinte níos láidre, chun ullmhú níos fearr do ghéarchéimeanna amach anseo agus freagairt níos fearr dóibh
- Rochtain chomhionann thráthúil ar chógais inacmhainne do gach saoránach a bhuí leis an athchóiriú atá beartaithe ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais
- Plean Ailse atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain agus a bhfuil maoiniú €4 bhilliún ón Aontas mar thaca leis
- Tionscnaimh cheannródaíocha chun an cúram sláinte a dhigitiú
- Gníomhaíochtaí cuimsitheacha le haghaidh meabhairshláinte níos fearr, idir fholláine mheabhrach a chur chun cinn agus sheirbhísí coisctheacha agus tacaíochta a fheabhsú
- Rialacha chun borradh a chur faoi shábháilteacht othar agus chun soláthar táirgí íocshláinte a dhaingniú
- Cur chuige na hAon Sláinte Amháin chun dul i ngleic le rioscaí móra sláinte
Cinntíonn Aontas Sláinte na hEorpa go mbeidh na Ballstáit ullmhaithe níos fearr do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo agus tacaíonn sé le beartais sláinte nua-aimseartha agus nuálacha do gach saoránach ar fud an Aontais. Faigheann sé tacaíocht ó mhaoiniú suntasach ón gclár EU4Health.
Leanfaidh Aontas Sláinte na hEorpa de nuálaíocht agus iomaíochas na hEorpa a chur chun cinn in earnáil an chúraim sláinte ionas go dtabharfar aghaidh go hiomlán ar riachtanais na n-othar. Leanfaidh an tAontas Eorpach freisin de bheith ina chomhpháirtí láidir domhanda agus de bheith ag rannchuidiú le feabhas a chur ar shláinte daoine ar fud an domhain.
Tuilleadh eolais
Preaseisiúint: Aontas Sláinte na hEorpa: níos láidre agus níos ullmhaithe don todhchaí
Bileog Eolais faoi Aontas Sláinte Eorpach atá láidir do chách
Bileog Eolais faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa
Bileog eolais faoi Chógaisíocht – Othair
Bileog Eolais faoi Chur chuige cuimsitheach i leith na Meabhairshláinte
Bileog eolais faoin Spás Eorpach Sonraí Sláinte
Bileog eolais faoi ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun sláinte níos fearr a chinntiú
- Dáta foilsithe
- 22 Bealtaine 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide