Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 26 Meán Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Lá Eorpach na dTeangacha: an t-ilteangachas agus an fhoghlaim a chur chun cinn

Student life during Erasmus+ at Sofia

 

Le Lá Eorpach na dTeangacha, a cheiliúrtar an 26 Meán Fómhair gach bliain, cuirtear an éagsúlacht teanga chun cinn, spreagtar foghlaim teangacha i ngach aoisghrúpa, agus leagtar béim ar thábhacht an aistriúcháin agus na ngairmeacha a bhaineann le teangacha

I mbliana, tá dhá chomhdháil fhíorúla á n-óstáil ag an gCoimisiún Eorpach chun plé a chothú faoin ilteangachas san Eoraip. Ina theannta sin, beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl an 1-30 Meán Fómhair ar fud an Aontais Eorpaigh, mar shampla mionchúrsaí teanga ilteangacha, quizeanna ar líne, ceardlanna aistriúcháin, aontaí teangacha, agus taispeántais taistil leabhar. 

Moltar i mbeartas ilteangachais an Aontais roinnt teangacha a theagasc agus a fhoghlaim chun borradh a chur faoin gcumarsáid, faoin tsoghluaisteacht agus faoin gcomhar ar fud na hEorpa. A bhuí le cláir ar nós Erasmus+, is féidir le muintir na hEorpa a gcuid scileanna teanga a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí oideachais nó oiliúna i 34 thír. Chomh maith leis sin, maoiníonn an tAontas tionscadail teanga éagsúla, spreagann sé an phiarfhoghlaim i measc thíortha an Aontais agus comhoibríonn sé le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun nuálaíocht i dteagasc teangacha a chur chun cinn. 

Tionscnamh eile a spreagann daltaí meánscoile ar fud na hEorpa chun teangacha a fhoghlaim ná an comórtas bliantúil Juvenes Translatores. Is féidir clárú don bhliain seo go dtí 12:00 (am Lár na hEorpa) an 14 Deireadh Fómhair 2024.  

Is féidir le scileanna teanga cabhrú le daoine post a fháil, rochtain ar sheirbhísí agus ar chearta a éascú, agus cur leis an dlúthpháirtíocht trí idirphlé idirchultúrtha agus comhtháthú sóisialta feabhsaithe. Saintréith den Aontas is ea an éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus is cuid riachtanach d’oidhreacht chultúrtha an Aontais iad na teangacha a labhraítear i dtíortha an Aontais. 

Tuilleadh eolais 

Lá Eorpach na dTeangacha  

Lá Eorpach na dTeangacha 2024 – comhdhálacha fíorúla 

An tIlteangachas 

Clár Erasmus+ 

Juvenes Translatores 

Sonraí

Dáta foilsithe
26 Meán Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide