
Tá níos mó ná 200 teanga san Eoraip. Tá 24 theanga oifigiúla agus níos mó ná 60 teanga réigiúnach nó mhionlaigh ag an Aontas Eorpach féin. An 26 Meán Fómhair, Lá Eorpach na dTeangacha, déanaimid ceiliúradh ar shaibhreas ár dteangacha éagsúla agus ár gcultúr éagsúil. Glacfaidh institiúidí teanga agus cultúrtha, cumainn, ollscoileanna agus scoileanna páirt i raon leathan imeachtaí ar fud an Aontais.
Is cuid dár bhféiniúlacht í an éagsúlacht teanga agus cuidíonn ár gcomhoidhreacht Eorpach agus an fhoghlaim teangacha chun naisc a chruthú idir daoine agus idir cultúir. Ina theannta sin, cuireann an t-ilteangachas leis an sásamh pearsanta, feabhsaíonn sé deiseanna fostaíochta, agus spreagann sé saoránacht ghníomhach.
Dá bhrí sin, ní hamháin go mbaineann Lá Eorpach na dTeangacha leis an éagsúlacht teanga atá san Aontas a cheiliúradh, ach baineann sé freisin le béim a leagan ar na buntáistí a bhaineann le foghlaim teangacha.
‘Is iad na teangacha a aontaíonn sinn’, sin é téama na bliana seo. Díríonn sé ar an tábhacht a bhaineann le teangacha a fhoghlaim ar mhaithe leis an gcuimsiú, leis an daonlathas agus leis an gcomhtháthú sóisialta. Is féidir leat páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus tuilleadh a fhoghlaim faoin dóigh a múnlaíonn teangacha cuimsiú trí chlárú agus trí fhreastal ar ár gcomhdháil ar líne an 30 Meán Fómhair. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí atá á reáchtáil ar fud thíortha an Aontais freisin.
Is in 2001 a seoladh Lá Eorpach na dTeangacha agus déantar é a cheiliúradh san Aontas agus níos faide i gcéin. Anuraidh, chun comóradh 25 bliana a cheiliúradh, seoladh an Forógra Spreagtha, rud ina mínítear an fáth a bhfuil spreagadh chomh tábhachtach sin i bpróiseas foghlama teangacha.
Tuilleadh eolais
An tábhacht atá leis an ilteangachas
- Dáta foilsithe
- 26 Meán Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Glac páirt sa spraoi Dé hAoine an 26 Meán Fómhair nuair a dhéanann an tAontas Eorpach ceiliúradh ar shaibhreas a theangacha agus a chultúir le Lá Eorpach na dTeangacha.
Le Lá Eorpach na dTeangacha, a cheiliúrtar an 26 Meán Fómhair gach bliain, cuirtear an éagsúlacht teanga chun cinn, spreagtar foghlaim teangacha i ngach aoisghrúpa, agus leagtar béim ar thábhacht an aistriúcháin agus na ngairmeacha a bhaineann le teangacha.
List of contractors published!
Juvenes Translatores 2023-2024