Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – 15 bliana agus é ag dul i neart!

  • Alt nuachta
  • 16 Feabhra 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

 

I mbliana, déanaimid ceiliúradh ar chomóradh 15 bliana den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Is bealach ar leith é duitse chun gníomhú ar chúiseanna is cás leat. Ach tionscnamh a sheoladh, is féidir leat an tAontas Eorpach a mhúnlú trí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh maidir leis an tsaincheist atá roghnaithe agat agus a thagann faoi inniúlachtaí an Aontais. Is é sin an ceart daonlathach atá agat mar shaoránach den Aontas Eorpach. 

I gcaitheamh na mblianta, bhí saoránaigh i gceannas ar roinnt tionscnaimh rathúla, idir beacha a shábháil agus uisce óil glan a chur ar fáil do chách, go deireadh a chur leis an trádáil in eití siorcanna. An rud ar cuireadh tús leis mar thionscnamh ó na saoránaigh, ba é dlíthe nithiúla de chuid an Aontais an toradh a bhí air. 

Conas is féidir leat tosú? Beidh ort grúpa d’eagraithe a chur ar bun ina mbeidh seachtar saoránach den Aontas ar a laghad, agus a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát ar a laghad. Ní mór duit ansin iarraidh ar chlárú a sheoladh chuig an gCoimisiún. Sula gcláróidh sé do thionscnamh beartaithe, seiceálfaidh an Coimisiún an dtagann do thogra faoi réimse ina bhfuil sé de chumhacht aige gníomhú.    

Nuair a bheidh sé cláraithe, beidh bliain agat chun 1 mhilliún saoránach ó gach cearn den Aontas a fháil chun é a shíniú chun tacú leis. Má bhaineann an tionscnamh an tairseach amach, breithneoidh an Coimisiún é agus gheobhaidh tú freagra foirmiúil uathu laistigh de 6 mhí.  

Ó cuireadh tús leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh in 2011, tá breis agus 1,000 duine tar éis tús a chur le breis agus 120 tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus bailíodh breis agus 20 milliún síniú tacaíochta ar líne nó ar pháipéar. 

Má tá tú paiseanta athrú a fheiceáil ar shaincheist a bhaineann leatsa, cén fáth nach bhféadfá teacht le chéile le daoine atá ar aon intinn leat ó thíortha eile den Aontas agus a bheith mar ghníomhaí don athrú sin? Faigh amach conas a oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh céim ar chéim nó féach fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun comhairle dhlíthiúil agus phraiticiúil a fháil. 

Tuilleadh eolais 

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 

Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú 

Sonraí

Dáta foilsithe
16 Feabhra 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide