Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tá sé tuartha go dtiocfaidh moill ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh agus an boilsciú ag dul i méid tar éis suaitheadh fuinnimh

  • Alt nuachta
  • 21 Bealtaine 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Inflation

 

Léirítear i Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh i mbliana tionchar na coinbhleachta a bhris amach le déanaí sa Mheánoirthear ar gheilleagar an Aontais. Tar éis shuaitheadh fuinnimh na coinbhleachta a chuir borradh faoi phraghsanna tráchtearraí fuinnimh, tuartar sa réamhaisnéis gníomhaíocht eacnamaíoch níos laige de réir mar a mhéadaíonn an boilsciú. Tiocfaidh feabhas beag ar chúrsaí in 2027 má mhaolaítear an teannas sna margaí fuinnimh.

Faoi láthair, réamh-mheastar go dtiocfaidh moill ar fhás OTI san Aontas go 1.1% in 2026 ó 1.5% in 2025. Ar an gcaoi chéanna, tá laghdú ar na réamh-mheastacháin fáis don limistéar euro, mar atá 0.9% in 2026 agus 1.2% in 2027. Meastar go mbainfidh an ráta boilscithe san Aontas 3.1% amach in 2026 – pointe céatadáin iomlán níos airde ná mar a tuaradh roimhe seo – ráta a laghdóidh arís go 2.4% in 2027.

Meastar gurb é an tomhaltas an príomhspreagadh a bheidh ann don fhás, cé go bhfuil laghdú tagtha ar mhuinín na dtomhaltóirí go dtí an leibhéal is ísle le 40 mí anuas i bhfianaise na heagla atá ann go gcaillfear poist agus go dtiocfaidh méadú ar an mboilsciú. Mar gheall ar infheistíocht an Aontais san athléimneacht fuinnimh, go háirithe tar éis mhór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, is fearr atá geilleagar an Aontais in ann suaitheadh fuinnimh an lae inniu a mhaolú.

Meastar nach ndéanfar difear do mhargadh fostaíochta an Aontais agus go dtiocfaidh deireadh leis an laghdú fadtéarmach ar an ráta dífhostaíochta, rud a bheidh cobhsaí ag thart ar 6% in 2027. In 2026 tuartar go dtiocfaidh moill ar an bhfás fostaíochta go ráta fáis 0.3% agus go dtiocfaidh méadú air arís go ráta fáis 0.4% in 2027. Meastar go leanfaidh an fás ar phá ainmniúil de bheith láidir de réir mar a théann pá in oiriúint do ráta boilscithe níos airde.

Cuireann an suaitheadh fuinnimh ualach nua ar an airgeadas poiblí chomh maith. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an easnamh rialtais ghinearálta san Aontas ó 3.1% de OTI in 2025 go 3.6% faoi 2027. Léiríonn sé sin gníomhaíocht eacnamaíoch níos ísle, úschaiteachas níos airde, bearta chun maolú a dhéanamh ar thionchar praghsanna fuinnimh níos airde ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha, agus caiteachas cosanta méadaithe.

Le Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2026 ón gCoimisiún Eorpach, tabharfar na réamh-mheastacháin sin cothrom le dáta i mí na Samhna 2026.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: Léirítear i Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2026 go bhfuil moilliú tagtha ar an ráta fáis de réir mar a chuireann an suaitheadh fuinnimh leis an mboilsciú

An doiciméad iomlán: Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2026: Moilliú ar an ráta fáis de réir mar a chuireann an suaitheadh fuinnimh borradh faoin mboilsciú

Dáta foilsithe
21 Bealtaine 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide