Is ceiliúradh idirnáisiúnta ar chlár Erasmus+ iad #ErasmusDays, a bheidh ar siúl ón 14 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2024. Le linn na laethanta sin, tugtar cuireadh do chách imeachtaí a eagrú a cheiliúrann na tionscadail agus na deiseanna atá molta ag Erasmus+ nó páirt a ghlacadh iontu. Tá na Laethanta Erasmus oscailte do mhic léinn, do mhúinteoirí, d’oiliúnóirí, do ghairmithe, agus do gach saoránach, agus cuireann siad chun cinn na tairbhí iomadúla a eascraíonn as an gclár. I rith na seachtaine, beidh imeachtaí digiteacha agus fisiciúla araon ar siúl, lena gcuimseofar seimineáir, seisiúin ilteangacha, taispeántais grianghraf, agus comhdhálacha, chomh maith le dúshláin ar na meáin shóisialta, ar imeachtaí iad a thabharfaidh deis uathúil do dhaoine ó chúlraí éagsúla aithne a chur ar a chéile agus foghlaim faoi chultúir éagsúla. Is ar an spórt a bheidh na himeachtaí dírithe i mbliana, rud a spreag Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha 2024 i bPáras. Is é Erasmus+ clár an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip. Ó cuireadh tús leis in 1987, ghlac os cionn 15 mhilliún duine páirt in Erasmus+ agus sna cláir a tháinig roimhe. Agus buiséad measta dar luach €26.2 billiún ag gabháil leis, cuirtear béim láidir i gclár 2021-2027 ar an gcuimsiú sóisialta, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach a chur chun cinn. Trí mhalartuithe soghluaisteachta agus tionscadail chomhair, cuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil do na milliúin mac léinn, múinteoirí, oibrithe deonacha agus gairmithe taithí idirnáisiúnta a fháil, scileanna nua a fhorbairt, agus a ndearcthaí cultúrtha a leathnú. Ní hamháin go gcothaíonn sé forbairt phearsanta agus ghairmiúil ach neartaíonn sé féiniúlacht Eorpach freisin trí aontacht tríd an éagsúlacht a chur chun cinn.Tuilleadh eolais#ErasmusDaysFaigh amach faoi na himeachtaí go léirErasmus+Sraith físeán faoi Erasmus+ Sonraí Dáta foilsithe14 Deireadh Fómhair 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide