Tá tuarascálacha 2024 maidir le méadú, ina dtugtar measúnú mionsonraithe ar staid na himeartha agus ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas Eorpach, glactha ag an gCoimisiún. Tugtar treoir sna tuarascálacha freisin maidir leis na príomhthosaíochtaí athchóiriúcháin do gach tír.Cumhdaítear na tíortha seo a leanas sna tuarascálacha:an tSeoirsiaan Mholdóivan Tuircan Úcráinna Balcáin Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia)Cuireadh dlús nua le próiseas an mhéadaithe le linn 2023 agus 2024 agus rinne roinnt tíortha is iarrthóirí dul chun cinn ar a gconairí faoi seach i dtreo aontachas leis an Aontas. Mar sin féin, ní mór do thíortha díriú ar dhlús a chur le hathchóirithe struchtúracha chun fás inbhuanaithe a chumasú agus dul chun cinn a dhéanamh i dtaca leis na critéir eacnamaíocha le haghaidh ballraíocht san Aontas a chomhlíonadh. Is éard atá i gceist leis sin geilleagair mhargaidh fheidhmiúla a chinntiú agus a léiriú gur féidir leo brúnna iomaíocha mhargadh an Aontais a sheasamh. Ina theannta sin, ba cheart a mbeartais eacnamaíocha a bheith ag teacht le spriocanna an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.Is ar fhiúntas atá próiseas an mhéadaithe bunaithe agus braitheann sé ar an dul chun cinn atá déanta ag gach ceann de na comhpháirtithe. Ní mór dóibh athchóirithe do-aisiompaithe a chur chun feidhme i ngach réimse de dhlí an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar bhunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe. Tacaíonn an tAontas le tíortha an mhéadaithe trí ionstraimí agus uirlisí maoiniúcháin. Sa bhreis ar an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, is é is aidhm don tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar ar fiú €6 bhilliún í agus do Shaoráid na hÚcráine ar fiú €50 billiún í cuid de na tairbhí a bhaineann le rochtain ar an margadh aonair a thabhairt chun cinn sula dtagann siad isteach san Aontas. Ar an gcaoi chéanna, leis an bPlean Fáis €1.8 billiún don Mholdóiv le déanaí, tacófar lena hathchóirithe socheacnamaíocha agus cuirfear borradh faoin infheistíocht.Tuilleadh eolaisPreaseisiúint: Pacáiste um Méadú 2024 glactha ag an gCoimisiúnTeachtaireacht 2024 maidir le Beartas an Aontais um MéadúAn chaoi a n-oibríonn an méadúBileog Eolais maidir le próiseas aontachais an AontaisPacáiste Eacnamaíoch agus Infheistíochta le haghaidh na mBalcán ThiarPlean Fáis nua do na Balcáin ThiarAn tSaoráid don ÚcráinPlean Fáis don MholdóivAn Albáin: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn Chosaiv: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreMontainéagró: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn Mhacadóin Thuaidh: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn tSeirbia: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn tSeoirsia: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn Mholdóiv: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreAn Úcráin: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíreTürkiye: Tuarascáil; Bileog eolais de réir tíre Sonraí Dáta foilsithe30 Deireadh Fómhair 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide