
Inniu Lá Natura 2000, agus tá neart le ceiliúradh. Is é líonra dúlra suaitheanta an Aontais é, agus is é an líonra is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint chomhshaoil é, lena gcumhdaítear níos mó ná 27000 láithreán dúlra san Eoraip. Clúdaíonn na láithreáin sin beagnach an cúigiú cuid de thalamh an Aontais agus an deichiú cuid de na farraigí máguaird. Sin achar atá nach mór ar an méid céanna leis an Spáinn agus an Iodáil le chéile!
Cruthaíodh Natura 2000 leis an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga in 1992, agus tá athrú ó bhonn déanta aige ar an gcaoi a mbainistítear limistéir faoi chosaint ar fud an Aontais. Téann sé chun tairbhe don dúlra, do dhaoine agus don gheilleagar tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- 1200 speiceas neamhchoitianta agus faoi bhagairt agus 230 cineál gnáthóige a chosaint
- seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil dúinn, amhail fionnuisce, feithidí pailnitheacha agus cosaint ar thuilte agus ar chreimeadh cósta
- seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil ar fiú thart ar €200–300 billiún in aghaidh na bliana iad, agus tacú le thart ar 4.4 milliún post ag an am céanna
Mar a tharlaíonn gach bliain, tugtar cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh in BioBlitz, Lá Natura 2000 a bheidh ar siúl idir an 14-25 Bealtaine. Tóraíocht spraíúil idirghníomhach atá ann, ina ndéanann na rannpháirtithe iarracht a oiread speiceas agus is féidir a aimsiú agus a shainaithint i limistéar sonrach Natura 2000. Seo an deis agat cur leis an eolaíocht, eolas a chur ar an dúlra, agus tuilleadh a fhoghlaim faoin bhfiadhúlra áitiúil.
Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi Natura 2000, is féidir leat láithreán Natura 2000 a aimsiú gar duit féin, nó súil a chaitheamh ar léarscáil idirghníomhach líonra Natura 2000.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 21 Bealtaine 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide