‘Is clár foirfe é seo do dhaoine éagsúla ar mian leo léargas a fháil ar an gCoimisiún Eorpach agus taithí den scoth a fháil sna hinstitiúidí ardleibhéil. Ba bhreá liom dá mbeadh an deis ag gach duine tréimhse a bhí chomh foirfe agus chomh luachmhar le mo cheannsa a bheith acu,’ arsa Mantas ón Liotuáin, agus é ag caint faoi Chlár Oiliúna Blue Book de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Bunaíodh an scéim sin in 1960, agus tugann sí deis do thart ar 1,000 duine ó gach cearn den Aontas agus níos faide i gcéin 5 mhí de thaithí phraiticiúil a fháil i gceapadh beartas agus i riarachán an Aontais dhá uair sa bhliain. Tréimhsí oiliúna le pá atá i gceist agus is féidir le hintéirneachtaí a bheith ag súil le thart ar €1,490 in aghaidh na míosa de liúntas maireachtála. Na daoine a n-éiríonn leo, faigheann siad deis le dul ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha, scileanna gairmiúla a fhorbairt, agus léargas a fháil ar oibríochtaí institiúidí an Aontais. Níl aon teorainn aoise ann d’iarratasóirí. Caithfidh gnáthchéim ardoideachais 3 bliana a bheith críochnaithe agat agus ní mór 2 theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad a bheith ar do thoil agat. Ní mór an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a bheith ar cheann de na teangacha sin. Chun iarratas a dhéanamh ar intéirneacht, beidh ort cuntas EU Login a chruthú ar dtús agus ansin foirm iarratais chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach. Cuirtear tús leis na hintéirneachtaí i mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Is é Márta-Iúil 2026 an chéad tréimhse oiliúna eile ar féidir leat clárú lena déanamh. Beidh go dtí an 29 Lúnasa agat chun d’iarratas a chur isteach. Cuimhnigh go bhfuil na hintéirneachtaí oscailte do shaoránaigh uile an Aontais, agus tá líon teoranta áiteanna ann freisin do náisiúnaigh tríú tír i ranna ar leith de chuid an Aontais. Cosúil le Kezia a thaistil ón Indinéis chun páirt a ghlacadh sa tréimhse oiliúna Blue Book: ‘Is taithí dhochreidte é seo do dhuine nach saoránach den Aontas é. Is maith liom cuimsitheacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá scileanna á bhfoghlaim agam freisin a chuideoidh liom i mo ghairmréim mar ailtire, uirbeoir agus taighdeoir!’ Mar sin, déan deifear agus cuir d’iarratas isteach anois! Tuilleadh eolais Clár Óiliúna Bluebook Tairseach Eorpach na hÓige – conas iarratas a dhéanamh ar chlár oiliúna Bluebook Tréimhsí oiliúna agus deiseanna eile do dhaoine óga san Aontas Eorpach Scéal físiúil: An Eoraip ar don na hóige Sonraí Dáta foilsithe4 Lúnasa 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide