An 1 Lúnasa 2024, tháinig an Gníomh Eorpach um an Intleacht Shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) i bhfeidhm. Is é is aidhm don Ghníomh forbairt agus imscaradh freagrach na hintleachta saorga a chothú san Aontas.Mhol an Coimisiún an Gníomh um an Intleacht Shaorga i mí Aibreáin 2021 agus chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí na Nollag 2023 é, agus leis an nGníomh sin tugtar aghaidh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha na saoránach. Cuireann sé ceanglais agus oibleagáidí soiléire ar fáil d’fhorbróirí agus d’imlonnóirí maidir le húsáidí sonracha na hintleachta saorga agus ualaí riaracháin agus airgeadais ar ghnólachtaí á laghdú ag an am céanna.Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, tugtar isteach creat aonfhoirmeach ar fud thíortha uile an Aontais, bunaithe ar shainmhíniú réamhbhreathnaitheach ar an intleacht shaorga agus ar chur chuige rioscabhunaithe:Riosca íosta: formhór na gcóras intleachta saorga, cuir i gcás scagairí turscair agus físchluichí atá cumasaithe ag an intleacht shaorga, níl aon oibleagáid orthu faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga, ach is féidir le cuideachtaí cóid iompair bhreise a ghlacadh go deonach.Riosca sonrach trédhearcachta: ní mór do chórais, cuir i gcás botaí comhrá, úsáideoirí a chur ar an eolas go soiléir go bhfuil siad ag idirghníomhú le meaisín, agus ní mór ábhar áirithe a ghintear le hintleacht shaorga a lipéadú amhlaidh.Riosca ard: córais intleachta saorga ardriosca, cuir i gcás bogearraí leighis atá bunaithe ar an intleacht shaorga nó córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh earcaíochta, ní mór dóibh diancheanglais a chomhlíonadh, córais maolaithe riosca, tacair sonraí ardcháilíochta, faisnéis shoiléir d’úsáideoirí, formhaoirseacht dhaonna, etc. ina measc.Riosca do-ghlactha: mar shampla, meastar gur bagairt shoiléir ar chearta bunúsacha daoine iad córais intleachta saorga a cheadaíonn ‘scóráil shóisialta’ ag rialtais nó ag cuideachtaí agus, dá bhrí sin, tá toirmeasc orthu.Tá an tAontas Eorpach ag dréim le bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hintleachta saorga sábháilte de. Is féidir leis an Aontas eiceachóras intleachta saorga a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe do chách ach creat rialála láidir a fhorbairt atá bunaithe ar chearta an duine agus ar luachanna bunúsacha. Ciallaíonn sé sin cúram sláinte níos fearr, iompar níos sábháilte agus níos glaine, agus seirbhísí poiblí feabhsaithe do shaoránaigh. Tugann sé táirgí agus seirbhísí nuálacha, go háirithe maidir le fuinneamh, slándáil agus cúram sláinte, chomh maith le táirgiúlacht níos airde agus déantúsaíocht níos éifeachtúla do ghnólachtaí, agus is féidir le rialtais leas a bhaint as seirbhísí níos saoire agus níos inbhuanaithe, cuir i gcás iompar, fuinneamh agus bainistiú dramhaíola.Le déanaí, sheol an Coimisiún comhairliúchán maidir le Cód Cleachtais do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha (GPAI). Leis an gCód sin, dá bhforáiltear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, tabharfar aghaidh ar réimsí ríthábhachtacha, cuir i gcás trédhearcacht, rialacha a bhaineann le cóipcheart, agus bainistiú riosca. Iarrtar ar sholáthraithe GPAI a bhfuil oibríochtaí acu san Aontas, ar ghnólachtaí, ar ionadaithe na sochaí sibhialta, ar shealbhóirí ceart agus ar shaineolaithe acadúla a dtuairimí agus a dtorthaí a chur isteach, rudaí a chuirfidh leis an dréacht atá le teacht ón gCoimisiún den Chód Cleachtais maidir le samhlacha GPAI.Tiocfaidh na forálacha maidir le GPAI i bhfeidhm laistigh de 12 mhí. Tá an Coimisiún ag súil leis an gCód Cleachtais a thabhairt chun críche faoi mhí Aibreáin 2025. Ina theannta sin, beidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán mar bhonn eolais freisin d’obair na hOifige um Intleacht Shaorga, a dhéanfaidh maoirseacht ar chur i bhfeidhm agus ar fhorfheidhmiú rialacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga maidir le GPAI. Tuilleadh eolaisAn Gníomh Eorpach um an Intleacht Shaorga tagtha i bhfeidhm - preaseisiúintAn Intleacht Shaorga - Ceisteanna agus FreagraíTuilleadh eolais faoin nGníomh Eorpach um an Intleacht ShaorgaBarr feabhais agus iontaoibh san intleacht shaorgaAn Gníomh um an Intleacht Shaorga: Cuir do thuairim in iúl maidir le hIntleacht Shaorga Iontaofa IlchuspóireachaOifig Eorpach na hIntleachta Saorga Sonraí Dáta foilsithe1 Lúnasa 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide