Cuireann an tiontaire airgeadra seasta seo ráta cuntasaíochta oifigiúil míosúil an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh an euro agus na rátaí malairte, mar a shocraigh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán Airgeadais iad, ar fáil. Úsáidtear na rátaí sin chun méideanna na n-aisíocaíochtaí speansais, costais taistil nó lóistín a ríomh le haghaidh daoine seachtracha a bhíonn páirteach i gcruinnithe, in agallaimh etc. ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach. Fágann an tiontaire freisin gur féidir le húsáideoirí i gcoitinne rátaí malairte míosúla a fháil, ón mí reatha siar go dtí 1994. Is iad na rátaí margaidh le haghaidh an lá roimh an lá deireanach den mhí roimhe sin mar a thug an Banc Ceannais Eorpach iad, nó má tá fáil orthu, na rátaí a chuir na toscaireachtaí nó na foinsí iomchuí eile ar fáil níos cóngaraí don dáta sin, na rátaí a thugtar. Cuireann InforEuro idir rátaí airgeadraí reatha agus rátaí sean-airgeadraí ar fáil le haghaidh tíortha laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach. I gcás gach airgeadra, cuireann an tiontaire rátaí malairte an euro a bhí ann go stairiúil ar fáil (nó, go dtí mí na Nollag 1998, in aghaidh ECU an Aonaid Airgeadra Eorpaigh). Tá na rátaí malairte sin ar fáil i bhformáid leictreonach ó mhí an Mhárta 1994 i bhfoirm comhaid in-íoslódála. Is chun eolas a thabhairt agus chuige sin amháin atá an t-eolas ar an leathanach seo agus ní thugtar aon chearta d'úsáideoirí leis. Déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil: tresorerieec [dot] europa [dot] eu (tresorerie[at]ec[dot]europa[dot]eu) Tuilleadh eolais faoin euro