Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bratach na hEorpa ar crochadh ó bhí 1985 ann

Beidh bratach na hEorpa 40 bliain ar an saol i mí an Mheithimh 2025. Tá sé in am ceiliúradh a dhéanamh ar shiombail chumhachtach seo na haontachta, an daonlathais agus na síochána atá ag croitheadh go bródúil san Eoraip agus ar fud an domhain ó 1985 i leith!

Siombalachas

Leagan téacs

Gnéithe deartha agus grafaice

  • Ciorcal na réaltaí óir: aontacht, dlúthpháirtíocht agus síocháin i measc mhuintir na hEorpa
  • An Uimhir 12: siombail den fhoirfeacht, d’iomláine, nach mbaineann le líon na mBallstát
  • Dathanna: réaltaí órga agus cúlra gorm

Stair

Mí na Nollag 1955 – Ghlac Comhairle na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine atá éagsúil ón Aontas Eorpach, an bhratach mar shuaitheantas oifigiúil.

Mí Aibreáin 1983 – Mhol Parlaimint na hEorpa an bhratach a ghlacadh le haghaidh gComhphobal Eorpach, a bheadh a bheadh mar an Aontas Eorpach níos déanaí.

Mí an Mheithimh 1985 – Ghlac an Chomhairle Eorpach dearadh na brataí Eorpaí do na Comhphobail Eorpacha, agus stádas oifigiúil lógó aige.

Mí na Bealtaine 1986 – Crochadh bratach na hEorpa den chéad uair lasmuigh d’fhoirgneamh Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil.

Mí Eanáir 2002 – Cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus boinn in 12 Bhallstát. Cuireadh an bhratach ar nótaí bainc euro mar shiombail den fhéiniúlacht Eorpach.

Mí na Samhna 2015 – Eisíodh bonn comórtha euro chun 30 bliain a chomóradh ó ghlac an tAontas an bhratach.

Mí an Mheithimh 2025 – Rinneamar ceiliúradh 40 bliain ó ghlac an tAontas an bhratach mar shuaitheantas oifigiúil.

Na háiteanna a bhfeictear an bhratach

I do shaol laethúil, bíonn an bhratach le feiceáil in go leor áiteanna: 

  • os comhair hallaí baile, foirgnimh rialtais, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ollscoileanna, cearnóga poiblí, agus ionadaíochtaí taidhleoireachta
  • ar cheann den iliomad tionscadal agus tionscnamh a dtacaíonn an tAontas leo, nó ar chuir an tAontas tacaíocht ar fáil dóibh in am an ghátair nó i gcás tubaiste, i dtíortha den Aontas agus ar fud an domhain
  • ar do phas agus ar na nótaí euro i do sparán
  • ag comórtais idirnáisiúnta spóirt, cuir i gcás Corn Laver na leadóige, Corn Ryder an ghailf, Sraith Seaimpíní UEFA nó Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024
  • lasmuigh den Aontas Eorpach, áit a gcrochann go leor daoine é ar son a bhfuil i gceist leis. Ón Úcráin in 2014, go dtí an tSeoirsia in 2024, bíonn an bhratach á crochadh go cróga ag go leor daoine, iad ag iarraidh a náisiúin a thabhairt níos gaire don tionscadal Eorpach.

Daichead bliain níos déanaí, leanann bratach na hEorpa de sheasamh d’ardmhianta na milliún Eorpach le haghaidh mór-roinn atá aontaithe sa tsíocháin, sa rathúnas agus sa mheas ar dhínit an duine. Coinnímis ar crochadh í le bród!