Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bratach na hEorpa

An raibh an méid seo ar eolas agat?

  • Ciorcal na réaltaí ar dhath an óir
    is don aontacht, don dlúthpháirtíocht agus don tsíocháin i measc mhuintir na hEorpa a sheasann siad
  • 12 réalta
    is don fhoirfeacht agus don iomláine a sheasann siad, agus ní don líon Ballstát atá ann
  • Ór agus gorm
    sin iad an dá dhath amháin atá ar an mbratach

Stair achomair bhratach na hEorpa 

An rud a ndéanfaí bratach na hEorpa de faoi dheireadh, tosaíodh á úsáid mar bhratach Chomhairle na hEorpa in 1955. Tríocha bliain ina dhiaidh sin in 1985, chinn na hinstitiúidí Eorpacha an bhratach chéanna sin a ghlacadh mar bhratach na hEorpa. An 29 Bealtaine 1986 ardaíodh bratach na hEorpa den chéad uair lasmuigh d’fhoirgneamh Berlaymont sa Bhruiséil, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh. 

Daichead bliain níos déanaí, is léiriú í bratach na hEorpa ar ardmhianta na milliún Eorpach le haghaidh mór-roinn atá aontaithe sa tsíocháin, sa rathúnas agus sa mheas ar dhínit an duine. Coinnímis ar foluain í le bród.

  1. Nollaig 1955

    Ghlac Comhairle na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine atá éagsúil ón Aontas Eorpach, an bhratach mar shuaitheantas oifigiúil di féin.

  2. Aibreán 1983

    Mhol Parlaimint na hEorpa an bhratach a ghlacadh le haghaidh na gComhphobal Eorpach, as a n-eascródh an tAontas Eorpach ina dhiaidh sin.

  3. Meitheamh 1985

    Ghlac an Chomhairle Eorpach dearadh na brataí Eorpaí do na Comhphobail Eorpacha, agus stádas oifigiúil lógó aige.

  4. Bealtaine 1986

    Ardaíodh bratach na hEorpa den chéad uair lasmuigh d’fhoirgneamh an Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil.

  5. Eanáir 2002

    Cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus boinn i 12 cheann de thíortha an Aontais. Cuireadh an bhratach ar nótaí bainc euro mar shiombail den fhéiniúlacht Eorpach.

  6. Samhain 2015

    Eisíodh bonn comórtha euro chun 30 bliain a chomóradh ó ghlac an tAontas an bhratach.

‘Cuirimis dathanna na hEorpa ar foluain, agus go raibh an bhratach ghorm agus óir seo ina siombail dóchais dá saoránaigh uile, siombail a chothaítear de shíor lenár n-idéal agus lenár gcomhrac.’  

Jacques Delors, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag labhairt dó ag searmanas ardaithe na brataí an 29 Bealtaine 1986

Na háiteanna a bhfeictear an bhratach sa lá atá inniu ann

I do shaol laethúil, bíonn an bhratach le feiceáil in go leor áiteanna: 

  • os comhair hallaí baile, foirgnimh rialtais, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ollscoileanna, cearnóga poiblí, agus ionadaíochtaí taidhleoireachta
  • ar cheann den iliomad tionscadal agus tionscnamh a dtacaíonn an tAontas leo, nó ar chuir an tAontas tacaíocht ar fáil dóibh in am an ghátair nó i gcás tubaiste, i dtíortha den Aontas agus ar fud an domhain
  • ar do phas agus ar na nótaí euro i do sparán
  • ag comórtais idirnáisiúnta spóirt, cuir i gcás Corn Laver na leadóige, Corn Ryder an ghailf, Sraith Seaimpíní UEFA nó Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024
  • lasmuigh den Aontas Eorpach, áit a gcrochann go leor daoine í ar son a bhfuil i gceist léi. Ón Úcráin in 2014 go dtí an tSeoirsia in 2024 tá an bhratach in airde go cróga ag go leor daoine, iad ag iarraidh a náisiún a thabhairt níos gaire don tionscadal Eorpach. 

Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 3 Meitheamh 2026