Ráiteas misin na hArdrúnaíochta - An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ráiteas misin na hArdrúnaíochta

Tá an Ardrúnaíocht i gcroílár an Choimisiúin Eorpaigh. Faoi údarás an Uachtaráin, bíonn sí ag freastal ar an gColáiste agus cinntíonn sí coláisteacht, comhsheasmhacht, éifeachtúlacht agus rialtacht bheart an Choimisiúin. Stiúrann agus comhordaíonn an Ardrúnaíocht obair an Choimisiúin chun a chinntiú go ndéantar tionscnaimh agus oibríochtaí a ailíniú le treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin.

Cinntíonn an Ardrúnaíocht feidhmiú rianúil na hinstitiúide, i gcomhar leis na seirbhísí uachtaránachta agus lárnacha eile.

Bíonn an Ardrúnaíocht ag díriú ar an méid seo a leanas go háirithe:

  • tacú leis an Uachtarán, chomh maith le Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin agus Leas-Uachtaráin an Choimisiúin ina gcúraimí comhordúcháin;
  • cuspóirí straitéiseacha, beartais thrasearnálacha agus tosaíochtaí oibríochtúla an Choimisiúin a mhúnlú;
  • inniúlachtaí institiúideacha agus dea-rialachas an Choimisiúin a chur chun cinn agus cothú a dhéanamh ar fhorbairt chóras riaracháin an Aontais atá nua-aoiseach, trédhearcach agus dírithe ar sheirbhís, faoina gcuirtear na caighdeáin eitice agus ionracais is airde i bhfeidhm san obair a dhéantar;
  • feidhmiú rianúil phróisis chinnteoireachta an Choimisiúin a chinntiú;
  • comhairle agus formhaoirseacht a chur ar fáil, in éineacht le Cabinet an Uachtaráin, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha eiticiúla do Chomhaltaí an Choimisiúin;
  • obair bheartais an Choimisiúin a stiúradh agus a chomhordú, ón tús go dtí an chaibidlíocht idirinstitiúideach, chun comhleanúnachas, cáilíocht agus cur i gcrích tráthúil a chinntiú i gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr agus ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise;
  • beartas an Choimisiúin a chomhordú maidir le forfheidhmiú dhlí an Aontais;
  • gníomhú mar chomhéadan idir an Coimisiún agus institiúidí, comhlachtaí agus riaracháin eile de chuid an Aontais;
  • cuidiú le hUachtarán an Choimisiún mar chomhalta den Chomhairle Eorpach agus mar rannpháirtí i gcruinnithe Ceannairí eile;
  • tacú leis an Uachtarán maidir le cruinnithe mullaigh le tríú tíortha, le teagmhálacha le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le rannpháirtíocht in eagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta (na Náisiúin Aontaithe, G7 agus G20 san áireamh); feidhmiú mar phointe teagmhála ag an gCoimisiún leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;
  • comhordú a dhéanamh ar obair an Choimisiúin maidir le beartais a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leo, ina measc sin cur chun feidhme Chomhaontú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus comhaontuithe ábhartha leis an Ríocht Aontaithe;
  • cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a stiúradh agus an Seimeastar Eorpach a chomhordú, tríd an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta agus i gcomhar leis na hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha;
  • comhoibriú le heintitis neamhspleácha agus speisialaithe, ina measc sin an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, an Bord Fioscach Eorpach agus a rúnaíocht, an tSeirbhís Idirghabhála agus Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin.