Freagrachtaí
An daonlathas agus an smacht reachta
Is é an cúram atá ar Michael McGrath treisiú leis na croíluachanna agus na croíphrionsabail is cloch bhoinn don Aontas, don tsochaí agus don gheilleagar seo againn. Oibríonn sé chun a chinntiú nach mbeidh aon amhras ar na saoránaigh ach gur go cothrom oibiachtúil a fheidhmítear cumhacht stáit.
Tá sé freagrach as an méid seo a leanas:
- Sciath Eorpach nua don Daonlathas a chur ar bun, an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na hionramhála agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis san áireamh
- oibriú chun cothroime agus sláine na dtoghchán a chaomhnú, agus sábháilteacht na n-iarrthóirí polaitiúla a chosaint
- tograí a chur i bhfeidhm agus a chur ar aghaidh chun tuilleadh tacaíochta agus cosanta a thabhairt do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha
- Ardán Sochaí Sibhialta a fhorbairt chun idirphlé sibhialta rialta a neartú agus chun an tsochaí shibhialta, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine a chosaint
- an obair ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a stiúradh, gné an mhargaidh aonair a chur leis agus tuilleadh tíortha is iarrthóirí a chur san áireamh ann
- forfheidhmiú éifeachtach a chinntiú i gcás inarb iomchuí agus tacú leis an iarracht chun Sásra Airteagal 7 a chur i bhfeidhm ar bhealach treisithe
- cinnte a dhéanamh de go gcuirtear ionstraimí buiséid an Aontais i bhfeidhm ar bhealach atá i gcónaí go hiomlán comhsheasmhach leis an urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha
- cur chuige soiléir de chuid an Aontais a fhorbairt i leith an fhrithéillithe, lena gcinnteofar gur féidir le maoiniú ón Aontas tacú le bearta náisiúnta chun an t-éilliú a chomhrac
- tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha
Faigh tuilleadh eolais faoi thiomantas an Aontais an daonlathas a chosaint, an bhréagaisnéis a chomhrac agus seasamh leis an smacht reachta.
An ceartas agus cosaint tomhaltóirí
Is é Michael McGrath atá i gceannas an cheartais agus cosaint tomhaltóirí freisin. Is é an cúram atá air a chinntiú go ndéantar cearta a chosaint, conarthaí a fhorfheidhmiú, agus pionóis a ghearradh mar gheall ar an éilliú.
Tá sé freagrach as an méid seo a leanas:
- an obair a stiúradh chun stádas dlíthiúil uile-Aontais a thógáil i bhfoirm an 28ú córas trína gcuirfear tacar rialacha simplithe, comhchuibhithe i bhfeidhm ar mhaithe le cuideachtaí
- an chéad Chlár Oibre eile do Thomhaltóirí 2025-2030 a ullmhú, gníomhaíochtaí a mholadh chun tomhaltóirí a chosaint sa mhargadh aonair agus earraí nó seirbhísí á gceannach acu agus beartais maidir le sábháilteacht táirgí a chur i bhfeidhm
- Gníomh um Chothroime Dhigiteach a fhorbairt chun dul i ngleic le teicnící agus cleachtais tráchtála mhí-eiticiúla, go háirithe nuair a bhaintear leas as leochaileachtaí tomhaltóirí chun críoch tráchtála
- forfheidhmiú iomlán an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus a chinntiú go leanann sé de bheith cothrom le dáta, agus sreafaí iontaofa sonraí le comhpháirtithe idirnáisiúnta a chur chun cinn
- oibriú chun an Barántas Gabhála Eorpach a neartú chun cur ar a gcumas do na húdaráis bhreithiúnacha oibriú níos dlúithe le chéile agus chun dlús a chur leis an gcomhar idir Europol agus Eurojust
Faigh tuilleadh eolais faoi bheartais an Aontais maidir le ceartas agus tomhaltóirí.
Teagmhálacha
tacaíocht a thabhairt dó ina chuid oibre ó lá go lá
Seirbhís urlabhraí an Choimisiúin
Comhroinn do thuairimí
Trédhearcacht
Cruinnithe agus misin
Mar chuid de thiomantas an Choimisiúin don trédhearcacht, foilsíonn na Coimisinéirí agus comhaltaí dá Cabinet eolas agus miontuairiscí maidir le gach cruinniú a thionóltar le hionadaithe sainleasa. Gach dhá mhí, foilsíonn siad forléargas ar speansais mhisin freisin.
- Cruinnithe leis an gCoimisinéir McGrath
- Cruinniú le Comhaltaí Cabinet an Choimisinéara McGrath
- Misin an Choimisinéara McGrath
Éisteachtaí Pharlaimint na hEorpa
Léigh freagraí an Choimisinéara McGrath ar an gceistneoir ó Pharlaimint na hEorpa.
Dearbhú leasanna
I gcomhréir le Cód Iompair an Choimisiúin do Chomhaltaí an Choimisiúin, foilsíonn gach Coimisinéir dearbhú leasanna. Tá leagan barántúil sínithe den Dearbhú foilsithe ag bun an leathanaigh seo. Cuirtear leaganacha meaisín-inléite de na dearbhuithe uile ar fáil freisin, mar a cheanglaítear leis an gCód Iompair.
Beathaisnéis
- 2024 go dtí an t-am i láthair
An Coimisinéir Eorpach um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí
- 2022-2024
Aire Airgeadais na hÉireann
- 2020-2022
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann
- 2011-2020
Príomh-Urlabhraí an Fhreasúra maidir le hAirgeadas, Fianna Fáil
- 2007-2024
Teachta Dála
- 2004-2007
Ionadaí tofa sa Rialtas Áitiúil (Comhairle Cathrach Chorcaí)
- 2003-2005
Ceann na gCóras Faisnéise agus Bainistíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- 2001-2003
Rialaitheoir Airgeadais, RedFM
- 2000-2007
Comhalta Boird, Léargas
- 1999-2007
Ionadaí tofa sa Rialtas Áitiúil (Comhairle Baile an Phasáiste)
