An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Tá an tsoghluaisteacht i gcroílár an Aontais seo againne. Nascann an t-iompar daoine ó réigiúin agus ó thíortha éagsúla le chéile, rud a chuireann deiseanna nua ar fáil agus a chruthaíonn aontacht agus comhtháthú, go háirithe tríd an turasóireacht. Leis an iompar, is féidir le daoine, seirbhísí agus earraí gluaiseacht gan bhac, agus is spreagadh tábhachtach d’iomaíochas na hEorpa, don aistriú glas agus don aistriú digiteach é.Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún iompar na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní in aghaidh na ndúshlán a bheidh ann amach anseo. Cuidíonn sé freisin chun a chinntiú go bhfuil ár gcóras iompair sábháilte, inrochtana agus inacmhainne do shaoránaigh uile an Aontais. Príomhfhigiúirí €25.8 billiún chun tacú le hinfheistíocht i mbonneagar iompair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2021-2027 90% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa atá le laghdú ó earnáil iompair an Aontais faoi 2050níos mó ná 200,000 km i ngréasán iarnróid an Aontais Réimsí gníomhaíochtaModhanna iompairBeartais lena gcumhdaítear gach modh iompair: beartais aeir, bóithre, iarnróid, muirí agus uiscebhealaí intíreTurasóireachtFéach leat an chaoi a spreagann an turasóireacht an fás eacnamaíoch, cruthú post agus forbairt shóisialtaCearta paisinéiríFéach leat an chaoi a gcosnaíonn an tAontas paisinéirí i ngach modh iompairAn t-iompar uirbeachFoghlaim faoin gcaoi a gcuireann an t-iompar poiblí bealach sábháilte éifeachtúil inbhuanaithe ar fáil chun taistealSlándáil agus sábháilteacht iompairFaigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun slándáil agus sábháilteacht an iompair a fheabhsúBonneagar agus infheistíochtFéach leat beartais agus tionscnaimh an Aontais maidir le bonneagar iompair agus infheistíocht iompairTaighde agus nuálaíochtFaigh amach faoi ghníomhaíochtaí taighde iompair, ina measc sin maoiniú, poist agus staidéirLóistíocht agus iompar ilmhódachFoghlaim faoin dóigh a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag obair chun gach modh iompair a chomhtháthú agus idir-inoibritheacht iomlán a bhaint amachTacaíocht don ÚcráinFoghlaim faoin gcaoi a dtacaíonn an tAontas le hearnáil iompair na hÚcráine Na príomhéachtaí Plean gníomhaíochta d’earnáil inbhuanaithe nuálach mótarfheithiclí – plean straitéiseach chun tionscal láidir inbhuanaithe carranna a chinntiú agus a acmhainneacht nuálaíochta iomlán á scaoileadh ag an am céanna.Taisteal iarnróid níos tapúla agus níos éifeachtúla – cuirfidh an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) feabhas ar luasanna iarnróid agus laghdóidh sé amanna taistil. Faoi 2040, ní mór do na línte iarnróid paisinéirí ar phríomhbhealaí TEN-T freastal ar thraenacha atá ag taisteal ar 160 km/u nó níos tapúla.Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin – bealaí nua iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealaí intíre chun iompórtálacha agus easpórtálacha na hÚcráine a choinneáil ag gluaiseacht.‘Fís Nialais’: Deireadh a chur le básanna ar bhóithre faoi 2050 – tá an tAontas tiomanta deireadh iomlán a chur le básanna ar bhóithre faoi 2050. I measc na mbeart a glacadh le déanaí tá rialacha níos déine maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe agus forfheidhmiú trasteorann chun cosc a chur ar thiománaithe contúirteacha pionóis a sheachaint.Lipéad Astaíochtaí Eitilte nua an Aontais – amach anseo, taispeánfar lipéad tiomnaithe maidir le hastaíochtaí ar áirithintí eitilte ar líne agus modheolaíocht shoiléir iontaofa ann chun astaíochtaí CO₂ a bhaineann le heitiltí a ríomh.Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, tá 4 dhlí nua de chuid an Aontais i bhfeidhm chun rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí a nuachóiriú agus truailliú ó longa a chosc.Le Liosta Aershábháilteachta an Aontais, a nuashonraítear dhá uair sa bhliain, cuirtear cosc ar aerlínte nach gcomhlíonann caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta oibriú san Aontas, rud a chinntíonn an leibhéal is airde sábháilteachta do phaisinéirí.Leis an tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht, feachtas suaitheanta múscailte feasachta an Choimisiúin Eorpaigh maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, cuirtear athrú iompraíochta chun cinn ar mhaithe le soghluaisteacht ghníomhach, iompar poiblí, agus réitigh iompair ghlana chliste eile. Sa spotsolas An Eoraip a nascadh le chéile ar iarnródTá an tAontas ag obair chun an taisteal d’iarnród a dhéanamh níos rianúla agus níos tapúla. Cuirtear béim ar leith ar choigilteas ama atá beartaithe idir mórchathracha na hEorpa agus clocha míle soiléire feadh an líonra iompair thras-Eorpaigh. An nuacht is déanaí Speech21 Aibreán 2026Press Conference following the Informal Conference of Transport Ministers on energy crisisAm léitheoireachta: 4 nóiméadPreaseisiúint8 Aibreán 202640 000 pas taistil saor in aisce DiscoverEU curtha ar fáil ag an gCoimisiún do dhaoine ógaInniu, tá glao ar iarratais á sheoladh ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh babhta nua DiscoverEU, rud a thugann deis do na mílte daoine óga atá 18 mbliana d'aois taisteal ar fud na hEorpa ar thraein agus saor in aisce. Osclófar an glao inniu ar 12:00 Am Lár na hEorpa agus dúnfar é an 22 Aibreán 202Am léitheoireachta: 3 nóiméadFéach na Imeachtaí 15May2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighYouth policy dialogue with Commissioner Apostolos Tzitzikostas – The future of European tourismOn 15 May 2026, European Commissioner for Sustainable Transport and Tourism, Apostolos Tzitzikostas, will host a Youth policy dialogue in Athens, Greece.18-21May2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighTransport Research Arena conferenceTransport research arena (TRA) conference is the largest transport research and innovation conference in Europe.Féach na Eolas gaolmharArd-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 23 Deireadh Fómhair 2025
Tá an tsoghluaisteacht i gcroílár an Aontais seo againne. Nascann an t-iompar daoine ó réigiúin agus ó thíortha éagsúla le chéile, rud a chuireann deiseanna nua ar fáil agus a chruthaíonn aontacht agus comhtháthú, go háirithe tríd an turasóireacht. Leis an iompar, is féidir le daoine, seirbhísí agus earraí gluaiseacht gan bhac, agus is spreagadh tábhachtach d’iomaíochas na hEorpa, don aistriú glas agus don aistriú digiteach é.Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún iompar na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní in aghaidh na ndúshlán a bheidh ann amach anseo. Cuidíonn sé freisin chun a chinntiú go bhfuil ár gcóras iompair sábháilte, inrochtana agus inacmhainne do shaoránaigh uile an Aontais.
Modhanna iompairBeartais lena gcumhdaítear gach modh iompair: beartais aeir, bóithre, iarnróid, muirí agus uiscebhealaí intíre
TurasóireachtFéach leat an chaoi a spreagann an turasóireacht an fás eacnamaíoch, cruthú post agus forbairt shóisialta
An t-iompar uirbeachFoghlaim faoin gcaoi a gcuireann an t-iompar poiblí bealach sábháilte éifeachtúil inbhuanaithe ar fáil chun taisteal
Slándáil agus sábháilteacht iompairFaigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun slándáil agus sábháilteacht an iompair a fheabhsú
Bonneagar agus infheistíochtFéach leat beartais agus tionscnaimh an Aontais maidir le bonneagar iompair agus infheistíocht iompair
Taighde agus nuálaíochtFaigh amach faoi ghníomhaíochtaí taighde iompair, ina measc sin maoiniú, poist agus staidéir
Lóistíocht agus iompar ilmhódachFoghlaim faoin dóigh a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag obair chun gach modh iompair a chomhtháthú agus idir-inoibritheacht iomlán a bhaint amach
An Eoraip a nascadh le chéile ar iarnródTá an tAontas ag obair chun an taisteal d’iarnród a dhéanamh níos rianúla agus níos tapúla. Cuirtear béim ar leith ar choigilteas ama atá beartaithe idir mórchathracha na hEorpa agus clocha míle soiléire feadh an líonra iompair thras-Eorpaigh.
Speech21 Aibreán 2026Press Conference following the Informal Conference of Transport Ministers on energy crisisAm léitheoireachta: 4 nóiméad
Preaseisiúint8 Aibreán 202640 000 pas taistil saor in aisce DiscoverEU curtha ar fáil ag an gCoimisiún do dhaoine ógaInniu, tá glao ar iarratais á sheoladh ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh babhta nua DiscoverEU, rud a thugann deis do na mílte daoine óga atá 18 mbliana d'aois taisteal ar fud na hEorpa ar thraein agus saor in aisce. Osclófar an glao inniu ar 12:00 Am Lár na hEorpa agus dúnfar é an 22 Aibreán 202Am léitheoireachta: 3 nóiméad
15May2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighYouth policy dialogue with Commissioner Apostolos Tzitzikostas – The future of European tourismOn 15 May 2026, European Commissioner for Sustainable Transport and Tourism, Apostolos Tzitzikostas, will host a Youth policy dialogue in Athens, Greece.
18-21May2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighTransport Research Arena conferenceTransport research arena (TRA) conference is the largest transport research and innovation conference in Europe.