Page contents Page contents Forléargas Agus tú réidh le plean a dhéanamh chun filleadh abhaile chun na hÚcráine, bíodh sé sealadach nó buan, caithfidh tú roinnt rudaí a choinneáil i gcuimhne. Ina measc sin, an tionchar a bheidh ag d’fhilleadh ar do chearta anseo san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh sé go mbeadh ábhair imní phraiticiúla agat chomh maith, amhail an difear a dhéanfar don chuntas bainc a d’oscail tú i do thír óstach. Gheobhaidh tú eolas ar an leathanach seo darb aidhm cabhrú leat aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin. Filleadh ar an Úcráin go ceann tréimhse ghearrTá mé cláraithe le haghaidh cosaint shealadach, ach is mian liom filleadh ar an Úcráin gan mhoill. An gcaillfidh mé mo chearta san Aontas Eorpach?Leis an Treoir um Chosaint Shealadach, tugtar an deis filleadh ar bhonn deonach agus soláthraítear léi bearta is infheidhme tar éis deireadh a bheith curtha leis an gcosaint shealadach. Más gá duit filleadh ar an Úcráin go ceann tréimhse ghearr ar chúiseanna amhail cuairteanna teaghlaigh, páipéir a bhailiú nó baill teaghlaigh a tharrtháil, ní chaillfidh tú do stádas cosanta sealadaí. Níor cheart do thíortha an Aontais aon chuairt ghearr ar an Úcráin a mheas mar chinneadh filleadh go deonach sula dtiocfaidh deireadh leis an gcosaint shealadach. Ciallaíonn sé sin nár cheart go ndéanfaí an cead cónaithe a chúlghairm ná go gcaillfí na cearta a ghabhann leis an stádas mar thoradh ar thuras gearr ar ais go dtí an Úcráin. Filleadh ar an ÚcráinTá cosaint shealadach agam san Aontas Eorpach anois agus is mian liom dul ar ais go dtí an Úcráin. An mbeidh mé in ann filleadh ar an Aontas Eorpach agus an mbeidh mé in ann leas a bhaint as cosaint shealadach?Má tá sé i gceist agat dul ar ais go dtí an Úcráin, ba cheart duit údaráis na tíre ina bhfuil cónaí ort a chur ar an eolas faoi do chuid pleananna. Má chinneann tú teacht ar ais chuig an Aontas Eorpach roimh dheireadh na staide éigeandála, beidh tú i dteideal cosaint shealadach a fháil an athuair. Moltar duit teagmháil a dhéanamh le húdaráis do Bhallstáit óstaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le fógra imeachta a thabhairt/faoin gcóras fógartha atá i bhfeidhm agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le gan fógra a thabhairt agus maidir leis na coimircí is infheidhme do thairbhithe cosanta sealadaí. Cuntais bhaincAn mbeidh mo chuntas bainc fós gníomhach má chinnim bogadh ar ais go dtí an Úcráin agus má tá mo chlárúchán cosanta sealadaí ‘neamhghníomhach’?Ba cheart freisin go bhfanfaidh do chuntais bhainc ar oscailt fad agus a bheidh do chead cónaithe fós bailí, fiú má tá sé neamhghníomhach mar gheall ar do chinneadh bogadh ar ais go dtí an Úcráin go ceann tréimhse níos faide. Lean an dul chun cinn is déanaí agus bí páirteach annTelegramXFacebookInstagramLinkedInLíonraí sóisialta eile Naisc ghaolmhara Atógáil na hÚcráineCúnamh ón Aontas Eorpach don Úcráin