Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

I dteannta a chéile ar son na hinacmhainneachta

Ár n-iarrachtaí a chomhthiomsú chun an costas maireachtála a laghdú

Conas a dhéanfaimid an saol níos inacmhainne?

Tá ár n-iarrachtaí chun an costas maireachtála a laghdú bunaithe ar thrí phríomhthionscnamh, mar atá:

Tithíocht

Is bunchloch na sochaí é baile, ach i gcás i bhfad an iomarca Eorpach sa lá atá inniu ann is ábhar imní é. D’fhéadfadh fiachas ard nó éiginnteacht a bheith i gceist leis.

  • 60%
    is é sin an méadú ar phraghsanna tithe ó 2013 i leith
  • 22%
    is é sin an laghdú ar cheadanna tógála ó 2020 i leith
  • níos mó ná 20%
    is é sin an méadú ar mheánchostas cíosanna ó 2013 i leith

Tá an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne curtha chun cinn againn chun tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne, níos inbhuanaithe agus ar cháilíocht níos fearr.

Féachtar sa phlean ar na rialacha maidir le tacaíocht stáit do thithíocht, chun a fháil amach cén chaoi ar féidir linn é a dhéanamh níos éasca tithe nua a thógáil agus athchóiriú a dhéanamh orthu. Is é an aidhm atá ann borradh a chur faoin soláthar tithíochta trí thógálacha nua agus trí athchóiriú a dhéanamh ar thithe, agus cabhrú le hearnáil na tógála a bheith nuálach. Ní mór rialacha a shimpliú chun an t-ualach athchóirithe a laghdú, dlús a chur le ceadú, agus infheistíocht a scaoileadh. Ar an gcaoi sin, cuideofar chun an soláthar tithíochta a mhéadú trí infheistíocht phríobháideach agus phoiblí araon a shlógadh i dtithíocht inacmhainne.

Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh freisin ar thithe a chuirtear ar fáil ar chíosanna gearrthéarmacha, ionas gur féidir leo siúd a bhfuil cónaí orthu i gcathracha móra áiteanna maithe a aimsiú fós chun cónaí iontu.

Iompar

  • 30%
    is é sin an méadú ar chostais iompair ó 2015 i leith

Táimid á dhéanamh níos éasca agus níos inacmhainne do dhaoine a mbealach a dhéanamh thart tríd an iompar poiblí a fheabhsú, trí thacú le roghanna soghluaisteachta comhroinnte agus trí rothaíocht agus siúl a spreagadh. I gcás go leor teaghlach, is costas mór é an t-iompar. Ar an meán, caitheann teaghlaigh san Aontas thart ar euro amháin as gach ocht euro dá mbuiséad air.

Chun cabhrú leis sin, tá €86.7 billiún á chur ar fáil ag an gCiste Aeráide Sóisialta chun tacú le teaghlaigh, le gnólachtaí beaga agus le pobail atá ag streachailt le costais arda iompair agus fuinnimh.

Ba cheart go mbeadh gach duine in ann obair, scoil agus cúram sláinte a fháil go hiontaofa agus ar phraghas réasúnta. Sin é an fáth a bhfuilimid ag infheistiú i seirbhísí iompair níos fearr, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair nach bhfuil chomh nasctha céanna, agus ag cabhrú le húdaráis áitiúla aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht iompair. 

Déanaimid infheistíocht in iompar níos fearr agus níos inbhuanaithe trí chláir ar nós na gceann seo a leanas:

An tráth céanna, oibreoimid leis an tionscal ar thionscnamh nua um ghluaisteáin bheaga inacmhainne ionas go bhforbróidh an Eoraip a gluaisteán leictreach glan éifeachtúil éadrom féin a mbeidh sé d’acmhainn ag daoine a cheannach. Cuideoidh sé sin freisin le tionscal láidir gluaisteán na hEorpa a choinneáil ar bun, tionscal lena bhfostaítear 13 mhilliún duine agus lena dtacaítear leis na milliúin slite beatha.

Fuinneamh

Spreag an Rúis géarchéim fuinnimh san Eoraip le blianta beaga anuas. Cé gur éirigh linn praghsanna fuinnimh a chobhsú agus soláthairtí a dhaingniú, tá praghsanna fuinnimh fós níos airde ná mar atá in áiteanna eile ar domhan. Agus is cúis imní iad billí fuinnimh do go leor Eorpach. Tá roinnt céimeanna glactha againn cheana féin chun praghsanna fuinnimh a laghdú.

Coigilteas measta do thomhaltóirí agus don tionscal

  • €45 bhilliún
    in 2025
  • suas le €130 billiún
    in aghaidh na bliana faoi 2030

Mar shampla, tá an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne curtha ar bun ag an Aontas arb é is aidhm dó billí leictreachais a laghdú, nochtadh do shuaitheadh praghsanna a laghdú agus tomhaltóirí a chosaint.

I mí an Mhárta 2026 chuir an Coimisiún bearta i láthair chun praghsanna fuinnimh a laghdú trí fhuinneamh glan dúchasach a leathnú agus trí bhonneagar a neartú. Is éard atá i gceist leis sin foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur i bhfeidhm níos tapa, agus bonneagar agus idirnascairí a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu ag an am céanna.

Is é an sprioc atá ag Pacáiste Fuinnimh nua na Saoránach billí fuinnimh a laghdú agus cabhrú le tomhaltóirí leochaileacha trí dhaoine a chumhachtú chun a bhfuinneamh glan féin a tháirgeadh agus bochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Cuideoidh sé ar na bealaí seo a leanas:

  • aistriú chuig soláthróir fuinnimh níos saoire. D’fhéadfadh tomhaltóirí suas le €150 a shábháil in aghaidh na bliana.
  • cánacha agus tobhaigh níos ísle ar a mbillí leictreachais. D’fhéadfadh sin €200 in aghaidh na bliana a shábháil ar theaghlaigh.
  • eolas níos trédhearcaí a sholáthar maidir le billí agus conarthaí fuinnimh. Cuidíonn sin le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh.

Poist agus slite beatha níos fearr

Chun feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil agus chun iomaíochas na hEorpa a neartú, gníomhóidh an Coimisiún i dtrí réimse eile:

  • Ar an gcéad dul síos, leis an gcompás iomaíochais, táimid ag cabhrú le gnólachtaí fás agus poist ar chaighdeán níos fearr a chruthú.
  • Ar an dara dul síos, leis an treochlár maidir le poist ar ardchaighdeán agus leis an ngníomh um phoist ar ardchaighdeán a bheidh ann amach anseo, táimid ag cinntiú go mbeidh poist bord ar bhord le geilleagar nua-aimseartha.
  • Ar an tríú dul síos, cuirfidh an Coimisiún i láthair straitéis an Aontais i gcoinne na bochtaineachta lena dtabharfar aghaidh ar an easpa dídine agus ar bhunchúiseanna na bochtaineachta.

Táimid tiomanta freisin rochtain ar bhia inacmhainne ar ardchaighdeán a chinntiú. Tá ról ríthábhachtach ag feirmeoirí agus iascairí na hEorpa i dtaca leis an slándáil bia, an bhithéagsúlacht agus le cosaint an chomhshaoil. Tacaímid leo, ionas gur féidir leo leanúint de bhia maith inacmhainne a tháirgeadh do chách.

Ag féachaint romhainn

Ach oibriú le chéile ar fud an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, cuirfimid dlús leis an infheistíocht, simpleoimid rialacha agus cuirfimid réitigh nithiúla ar fáil maidir le poist, tithíocht, fuinneamh, iompar agus bia. Is é an aidhm atá ann a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ina háit ar féidir le daoine maireachtáil agus oibriú le muinín, le slándáil agus le cáilíocht mhaith saoil.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 26 Márta 2026