Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Baincéireacht agus seirbhísí airgeadais

An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún

Faoi láthair, tá an Coimisiún Eorpach ag obair ar aontas na margaí caipitil: tionscadal sainchomharthach atá ann chun an glas a bhaint de mhaoiniú le haghaidh ghnólachtaí na hEorpa agus borradh a chur faoin bhfás i dtíortha an Aontais Eorpaigh trí fhíormhargadh aonair le haghaidh caipitil a chruthú.

Tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar na hathchóirithe a tugadh isteach sna sála ar an ngéarchéim airgeadais agus tá sé ag obair ar fheabhas a chur ar an dóigh a n-oibríonn seirbhísí airgeadais miondíola do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí beaga.

Cuspóirí

Is é is aidhm le haontas na margaí caipitil an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • córas airgeadais níos éagsúlaithe a fhorbairt lena ndéanfar maoiniú banc a chomhlánú le margaí caipitil doimhne agus forbartha
  • an glas a bhaint den chaipiteal atá ar fáil ar fud na hEorpa ach atá reoite faoi láthair agus é a chur ag obair chun sochair an gheilleagair, rud a thabharfaidh tuilleadh roghanna infheistíochta do choigilteoirí agus a thabharfaidh tuilleadh roghanna maoinithe do ghnólachtaí ar chostas níos lú
  • margadh caipitil a bhunú san Aontas Eorpach inar féidir le hinfheisteoirí airgead a infheistiú gan bhac trasna teorainneacha agus margadh inar féidir le gnólachtaí an maoiniú is gá a thiomsú ó réimse éagsúil foinsí, beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe

Is é is aidhm leis na rialacha nua do na bainc agus don aontas baincéireachta:

  • a chinntiú go ndéanfar rialú agus maoirsiú níos fearr ar institiúidí airgeadais sa limistéar euro agus ar fud an Aontais Eorpaigh araon
  • a chinntiú go ndéanfar caipitliú níos fearr ar bhainc agus go ndéanfar rialú níos fearr ar rioscaí
  • taisceoirí agus infheisteoirí aonair a chosaint
  • sásra um réitigh a bhunú do bhainc a bhfuil cliseadh orthu, rud a chuirfidh deireadh le ré na dtarrthálacha ollmhóra ar íoc na cáiníocóirí astu

Eolas faoina bhfuil ar siúl ag institiúidí eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí baincéireachta agus airgeadais