Timpeallacht slándála atá ag athrú
Tá athrú ó bhonn tagtha ar an timpeallacht slándála. I ngeall ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, iomaíocht gheopholaitiúil atá ag dul i méid, bagairtí hibrideacha, agus athrú tapa teicneolaíoch, tá athmhúnlú déanta ar a bhfuil i gceist chun saoránaigh na hEorpa a choinneáil slán agus an tsíocháin a chaomhnú.
Tá an tAontas Eorpach ag freagairt le trí aontacht, infheistíocht agus diongbháilteacht.
An méid a bhfuil súil ag muintir na hEorpa leis
Tosaíocht atá ag dul i méid do shaoránaigh ar fud na hEorpa is ea í an tslándáil.
An méid a cheapann muintir na hEorpa
Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
Agus é ag cur le Straitéis Thionsclaíoch an Aontais um an gCosaint, ar an bPáipéar Bán maidir le Cosaint na hEorpa, agus ar Threochlár Ullmhachta 2030, rinne an Eoraip beart de réir a briathair i dtaca le hinfheistíochtaí.
Na cláir lena gcuirtear an chosaint i gcrích
Cumhdaíonn cláir an Aontais an timthriall cosanta ina iomláine anois, ó thaighde go soláthar go maoiniú. Tá siad ag spreagadh fás tionsclaíoch, ag cruthú post, agus ag cuidiú chun na cumais chriticiúla atá de dhíth ar an Eoraip a chur ar fáil. Tacaítear leo le thart ar €810 mbilliún d’infheistíocht chosanta agus de sholúbthacht fhioscach do na Ballstáit sna blianta amach romhainn.
Glac páirt
Leis an gCiste Eorpach Cosanta, treisítear cumais chosanta na hEorpa trí thaighde agus forbairt chomhoibríoch a chur chun cinn, tríd an nuálaíocht a neartú agus trí chur ar chumas na tionsclaíochta uas-scálú agus dul san iomaíocht
Le EDIP, feabhsaítear ullmhacht thionsclaíoch cosanta na hEorpa tríd an acmhainneacht táirgeachta a leathnú, aschur marthanach a chinntiú, agus an bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch a threisiú. Cuireann sé le hionstraimí a forbraíodh mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin, mar atá EDIRPA agus ASAP
Le SAFE, neartaítear tionscal cosanta na hEorpa trí infheistíocht chomhordaithe ar mhórscála agus pleanáil fhadtéarmach a chumasú. Trí sholúbthacht fhioscach bhreise, is féidir leis na Ballstáit teorainneacha easnaimh le haghaidh caiteachas cosanta a shárú go sealadach,€800 billiún a scaoileadh thar thréimhse 4 bliana, agus cinnteacht níos fearr a thabhairt don tionscal chun infheistíocht agus nuáil a dhéanamh, agus torthaí a bhaint amach
An tionsclaíocht ina chroílár
Tá an tslándáil agus an neart eacnamaíoch fite fuaite ina chéile. Sin an fáth a gcumhachtaíonn tionscal na hEorpa slándáil na hEorpa. Trí bheith ag obair go dlúth le gnólachtaí, ar fud na slabhraí monaraíochta, teicneolaíochta agus soláthair, tá an méid seo a leanas á dhéanamh ag an Aontas:

