Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Lá Domhanda na hOidhreachta Closamhairc: cuimhní fiúntacha a chaomhnú

  • Alt nuachta
  • 25 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Brothers in the sunset filimng

 

Déantar Lá Domhanda na hOidhreachta Closamhairc a cheiliúradh an 27 Deireadh Fómhair chun feasacht a mhúscailt faoin tábhacht agus faoi na rioscaí caomhnaithe a bhaineann le hábhair chlosamhairc.

Is scéalaithe cumhachtacha iad na cartlanna closamhairc. Tugann siad léiriú ar shaol, cultúr agus stair na ndaoine as gach cearn den domhan. Oidhreacht ríluachmhar atá iontu, ar dearbhú í ar ár gcomhchuimhne agus ar foinse luachmhar eolais í, rud a léiríonn éagsúlacht chultúrtha, shóisialta agus theangeolaíoch ár gcomhphobal. Ní hamháin go gcuireann na cartlanna sin leis an tuiscint atá againn ar an am a chuaigh thart, ach cuidíonn siad linn an domhan ina bhfuilimid inniu a thuiscint chomh maith. 

Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach an oidhreacht shaibhir sin a chaomhnú agus cinnte a dhéanamh de go mbeidh rochtain uirthi ag an bpobal atá anois ann agus ag na glúnta atá le teacht. Go stairiúil is le grianghraif, bileoga ceoil agus leabhair a caomhnaíodh eolas. Tá an teicneolaíocht nua-aimseartha tar éis an próiseas sin a athrú ó bhonn, nó is féidir linn aipeanna éagsúla a úsáid anois chun cuimhní tábhachtacha a thaifeadadh agus a chomhroinnt trí fhuaim agus trí fhíseán. Tá ardáin ann, amhail seirbhísí sruthaithe ceoil, suíomhanna comhroinnte físeán agus na meáin shóisialta, a fheidhmíonn mar chartlanna na linne ina stóráiltear réimse leathan ábhar closamhairc. 

Baineann an tAontas úsáid as ardáin agus taisclanna éagsúla chun ábhar closamhairc a stóráil agus a chomhroinnt. Ina measc sin, feidhmíonn Leabharlann Chlosamhairc an Choimisiúin Eorpaigh mar thaisce lárnach le haghaidh ábhair chlosamhairc atá beartaithe chun na cumarsáide seachtraí, arna dtáirgeadh nó arna gceannach ag seirbhísí an Choimisiúin. Is í an leabharlann atá freagrach as bainistiú, caomhnú agus inrochtaineacht na comhchuimhne closamhairc ar phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa, rud atá ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis araon. Ó 1948 i leith, tá catalógú déanta ag an leabharlann ar os cionn 250,000 físeán, 500,000 grianghraf agus 8,500 taifead fuaime, ina gclúdaítear gach céim mhór i stair an Aontais Eorpaigh. Leanann an bailiúchán de bheith ag fás i gcónaí agus tá rochtain ag an bpobal air tríd an Tairseach Chlosamhairc. 

Walter Hallstein, President of the Commission of the EEC, cut the ribbon to inaugurate the radio-TV-movie studios "Press and Information Service" of EC which have been installed on the 7th level of the EC building of avenue de Cortenberg

Ina theannta sin, is tairseach gréasáin é Europeana lena mbailítear le chéile ábhair chlosamhairc ó bhreis agus 2000 institiúid éagsúil ar fud na hEorpa. Orthu sin tá leabharlanna, músaeim, cartlanna, gailearaithe agus institiúidí eile nach iad, rud a thugann deis ar leith d’úsáideoirí Europeana rochtain a fháil ar réimse éagsúil ábhair ar líne. 

Tá an tAontas tiomanta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a threisiú tríd an iliomad beart agus clár. Trí oidhreacht chlosamhairc a chaomhnú, amhail scannáin, taifeadtaí agus grianghraif, cinntímid go bhféadfaidh na glúnta atá le teacht eolas a chur ar shaibhreas ár staire comhroinnte. Ní hamháin go gcosnaítear na cuimhní nuair a chosnaítear an oidhreacht chlosamhairc, ach coinnítear an éagsúlacht chultúrtha beo agus inrochtana do chách freisin.

Tuilleadh eolais

Seirbhís Closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh

Tairseach Chlosamhairc

An Leabharlann Chlosamhairc: Cuimhne chlosamhairc bheo na hEorpa (físeán)

Europeana

Lá Domhanda na hOidhreachta Closamhairc

Sonraí

Dáta foilsithe
25 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide