Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 16 Meán Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Seachtain chun feasacht a mhúscailt maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe

People cycling in an urban setting

 

An tseachtain seo, cuirimid tús le rudaí trí Sheachtain Soghluaisteachta na hEorpa a cheiliúradh. Is feachtas suaitheanta múscailte feasachta bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh é seo maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, agus bíonn sé ar siúl gach bliain ón 16 go dtí an 22 Meán Fómhair. Cuirtear clabhsúr leis ar an Domhnach leis an lá saor ó charranna a bhfuil tóir air i mbailte agus i gcathracha rannpháirteacha. 

Tá os cionn 70% de shaoránaigh an Aontais ina gcónaí i gceantair uirbeacha, agus is iad a ghineann 23% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa iompair ar fad. Tríd an bhfeachtas, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún athrú iompraíochta a spreagadh i bhfabhar soghluaisteacht ghníomhach, iompar poiblí agus réitigh iompair ghlana chliste eile. 

Tá go leor bealaí éagsúla ann chun páirt a ghlacadh. Spreagtar údaráis áitiúla an tseachtain a úsáid chun triail a bhaint as bearta pleanála nuálacha, bonneagar agus teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn, cáilíocht an aeir a thomhas, agus aiseolas a fháil ón bpobal. Tugtar cuireadh do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’institiúidí oideachais agus do bhardais páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta. Leis na gradaim soghluaisteachta, tugtar aitheantas do na hiarrachtaí ceannródaíocha sa dá réimse sin. 

Bíonn téama éagsúil i gceist gach bliain agus i mbliana is é an téama a bheidh ann ‘spás poiblí comhroinnte’ agus na buntáistí a bhaineann leis don tsochaí. In 2024 ghlac níos mó ná 1,950 baile agus cathair ar fud níos mó ná 40 tír páirt ann. Agus níos mó bailte agus cathracha ag glacadh páirt san fheachtas gach bliain, aithnítear go forleathan é mar cheann feadhna i dtreo na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin. 

Ar leibhéal an Aontais, is é an Creat don tSoghluaisteacht Uirbeach a fhéachann le cáilíocht saoil dhaonra uirbeach an Aontais a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na soghluaisteachta uirbí agus trí sciar na modhanna iompair inbhuanaithe a mhéadú.

Tuilleadh eolais

Leathanach baile an fheachtais le haghaidh Sheachtain Soghluaisteachta na hEorpa

Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa – bailte agus cathracha rannpháirteacha

Iompar uirbeach an Aontais

Sonraí

Dáta foilsithe
16 Meán Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide