Ag deireadh an 28ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28), gheall an tAontas Eorpach agus ceannairí domhanda arís spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5° Celsius. Chomhaontaigh siad dlús a chur le laghduithe astaíochtaí i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, agus gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh sna deich mbliana ríthábhachtacha seo. Ar an ngníomhaíocht sin tá aistriú ó bhreoslaí iontaise agus astaíochtaí domhanda a laghdú 43% faoi 2030. Príomhghealltanais agus príomhghníomhaíochtaí a d’fhógair an tAontas Eorpach ag COP28: Gealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe domhanda ar an bhfuinneamhéifeachtúlacht a mhéadú faoi dhó faoi 2030. Tacóidh €2.3 billiún ó bhuiséad an Aontais leis an aistriú fuinnimh i gcomharsanacht na hEorpa agus ar fud an domhain tacaíocht airgeadais €175 mhilliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun astaíochtaí meatáin a laghdú maoiniú os cionn €400 milliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun ciste nua caillteanais agus damáiste a ghníomhachtú le haghaidh éigeandálaí aeráide an chéad dá thionscadal Eorpacha um theicneolaíocht ghlan a gheobhaidh tacaíocht ón gComhpháirtíocht idir an tAontas agus Catalyst chun cabhrú leis an Aontas a spriocanna aeráide do 2030 a bhaint amach ranníocaíocht €20 billiún ó Team Europe leis an Tionscnamh um Fhuinneamh Glas idir an Afraic agus an tAontas Eorpach tionscnamh nua ó Team Europe atá dírithe ar shlabhraí luacha nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu Is éard atá i gComhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide cruinniú mullaigh idirnáisiúnta bliantúil ina dtagann ceannairí domhanda, saineolaithe comhshaoil, gníomhaithe agus páirtithe leasmhara le chéile chun plé a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus na gníomhaíochtaí sin a chaibidliú. Tuilleadh eolais An tAontas Eorpach ag Comhdháil COP28 maidir leis an Athrú Aeráide Gníomhú ar son na haeráide agus an Comhaontú Glas Preaseisiúint: Gealltanas Domhanda maidir le Foinsí In-athnuaite Fuinnimh agus Éifeachtúlacht Fuinnimh Preaseisiúint: Comhaontú bainte amach ag idirbheartaithe an Aontais le linn COP28 chun dlús a chur leis an aistriú domhanda ó bhreoslaí iontaise, fuinneamh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus éifeachtúlacht fuinnimh a dhúbailt sna deich mbliana amach romhainn Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen maidir le toradh COP28 Sonraí Dáta foilsithe13 Nollaig 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide