Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gníomh a dhéanamh le haghaidh earnáil mótarfheithiclí atá glan agus iomaíoch

  • Alt nuachta
  • 16 Nollaig 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Electric car production - France

 

Tá sraith nua beart curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú leis an earnáil mótarfheithiclí bogadh i dtreo na soghluaisteachta glaine.

Tá earnáil mótarfheithiclí na hEorpa ríthábhachtach do gheilleagar na hEorpa leis na blianta. Tá na milliúin duine fostaithe inti agus spreagann sí nuálaíocht theicneolaíoch. Seo againn anois uair na cinniúna, agus dúshlán á thabhairt di i ngeall ar athruithe tapa teicneolaíochta agus ar iomaíocht atá ag dul i méid. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, leagtar amach sna bearta nua rialacha uaillmhianacha pragmatacha don tionscal agus do Bhallstáit den Aontas chun iad féin a chur in oiriúint don tsoghluaisteacht ghlan agus do gheilleagar ísealcharbóin, agus iomaíochas an tionscail á chinntiú ag an am céanna.

Áirítear ar na príomhthograí:

  • athbhreithniú ar chaighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteán, veaineanna agus feithiclí tromshaothair chun cabhrú le monaróirí a spriocanna do 2035 a bhaint amach
  • feithiclí corparáideacha a ghlasú chun dlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle
  • straitéis um threisiú ceallraí le €1.8 billiún le haghaidh slabhra luacha ceallraí atá déanta go hiomlán san Aontas
  • omnibus mótarfheithiclí chun ualaí riaracháin agus costais a laghdú, agus catagóir feithiclí nua a thabhairt isteach, mar atá ‘carranna beaga inacmhainne’
  • rialacha athbhreithnithe maidir le lipéadú gluaisteán le go mbeidh eolas iomlán ag tomhaltóirí faoi astaíochtaí na ngluaisteán, rud a chuirfidh ar a gcumas roghanna níos eolaí a dhéanamh agus gluaisteán á cheannach acu

Cuireann na tograí leis an bplean gníomhaíochta le haghaidh mótarfheithiclí agus leis an idirphlé straitéiseach maidir le todhchaí thionscal na ngluaisteán. Seoladh an t-idirphlé i mí Eanáir 2025, agus tugtar le chéile leis ionadaithe tionscail, comhpháirtithe sóisialta, Ballstáit den Aontas, réigiúin agus an tsochaí shibhialta. Tionóladh trí chruinniú idirphlé go dtí seo lenar cuireadh ardán ar fáil chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá os comhair na hearnála.

 

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint

Ceisteanna agus Freagraí

Bileog eolais – earnáil mótarfheithiclí na hEorpa atá glan agus iomaíoch 

Bileog eolais – togra maidir le caighdeáin CO2 agus feithiclí corparáideacha

An Pacáiste Mótarfheithiclí

Iomaíochas

Sonraí

Dáta foilsithe
16 Nollaig 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide