Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bearta nua chun an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac

  • Alt nuachta
  • 18 Deireadh Fómhair 2023
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
Police dog checking luggage

 

In 2021 féin, urghabhadh 303 thona cócaoin san Aontas. Chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne líonraí coiriúla, tá bearta nua leagtha amach ag an gCoimisiún chun an choireacht eagraithe agus an trádáil drugaí a chomhrac.

Tá 17 ngníomhaíocht ar na bearta nua, amhail:

  • calafoirt a threisiú i gcoinne insíothlú coiriúil trí Chomhghuaillíocht nua na gCalafort Eorpach
  • líonraí coiriúla ardriosca a tharraingt ó chéile trí imscrúduithe airgeadais agus digiteacha, agus trí chomhar treisithe
  • an choireacht eagraithe a chosc trí dhea-chleachtais a mhalartú i measc tíortha
  • obair a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta i leith na bagartha domhanda seo

Is tosaíocht don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit agus dá chomhpháirtithe idirnáisiúnta é an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí. Ní mór do gach duine lena mbaineann leanúint de bheith ag obair go dian chun Straitéisí an Aontais maidir le Coireacht Eagraithe agus Drugaí a chur chun feidhme ina n-iomláine. Glacfaidh an Coimisiún níos mó céimeanna i mbliana agus ar an mbliain seo chugainn, ina measc sin bearta reachtacha, tacaíocht airgeadais, agus Gníomhaireacht Drugaí an Aontais a chruthú faoi shamhradh 2024.

Tuilleadh eolais

Beartas an Aontais maidir le drugaí

Bileog eolais maidir leis na bearta nua chun an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac

Preaseisiúint: Treochlár nua de bhearta tosaíochta leagtha amach ag an gCoimisiún chun an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac

Ceisteanna agus freagraí maidir leis na bearta nua chun an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Deireadh Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide