Beidh Féile Bauhaus Eorpach Nua ar siúl an 9-13 Aibreán in Parc du Cinquantenaire agus i Músaem na nEalaíon agus na Staire sa Bhruiséil. Beidh daoine ó gach gné den saol ann le chéile chun ár dtodhchaí a phlé agus í a mhúnlú sa dóigh go mbeidh sí inbhuanaithe chuimsitheach álainn. I bhFéile na bliana seo déanfar topaicí a chur faoi chaibidil amhail dídean agus timpeallachtaí maireachtála, talamh agus uisce, faisean agus folláine daoine i bhfianaise an chomhshaoil atá ag athrú. Cuirtear fáilte roimh chách amharc ar an bhFéile ar líne, freastal ar imeachtaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, nó páirt a ghlacadh sna príomhimeachtaí a thitfidh amach sa Bhruiséil: Fóram: ina bhfuil eochairchainteanna agus díospóireachtaí painéil Aonach: ina bhfuil ceardlanna, saotharlanna agus taispeántais Féile: ina gcuirtear léirithe ealaíne ar taispeáint Beidh searmanas bronnta Dhuaiseanna Bauhaus Eorpach Nua ann mar chuid den Fhéile freisin, ina dtabharfar luach saothair do 20 tionscadal, dearadh agus smaoineamh ar léiriú iad ar luachanna Bauhaus Eorpach Nua. I mbliana, chuireamar fáilte roimh iarratais ar thionscadail san Úcráin, chomh maith le hiarratais ó thíortha san Aontas Eorpach agus ó chomhpháirtithe na mBalcán Thiar. Tabharfar aitheantas speisialta i bhféile na bliana seo d’iarracht atógála agus téarnaimh na hÚcráine agus cuirfear béim ar réigiúin ar fud an Aontais a bhfuil srianta socheacnamaíocha níos déine orthu, chomh maith le háiteanna a bhfuil dúshláin rompu geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach. Is tionscnamh cruthaitheach agus idirdhisciplíneach é Bauhaus Eorpach Nua lena nasctar an Comhaontú Glas don Eoraip lenár spásanna maireachtála agus lenár n-eispéiris. Is é an Coimisiún Eorpach a sheol é agus iarrtar orainn go léir leis todhchaí inbhuanaithe chuimsitheach a shamhlú agus a thógáil le chéile, todhchaí a bheidh álainn dár súile, dár n-aigne agus dár n-anam. Tuilleadh eolais Suíomh gréasáin Bauhaus Eorpach Nua Duaiseanna Bauhaus Eorpach Nua 2024 Tuilleadh eolais faoi Bauhaus Eorpach Nua An Comhaontú Glas don Eoraip Sonraí Dáta foilsithe8 Aibreán 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide