Tá rialacha nua molta ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar leas madraí agus cat san Aontas Eorpach, agus ar na dálaí d’ainmhithe agus iad á n-iompar. Chomh maith leis sin, d’fhreagair sé tionscnamh ó na saoránaigh chun cosc a chur ar fheirmeoireacht fionnaidh san Aontas. Leas níos fearr do mhadraí agus cait Tá níos mó ná 72 mhilliún madra agus níos mó ná 83 mhilliún cat san Aontas agus meastar gur €1.3 billiún in aghaidh na bliana luach na ndíolachán madraí agus cat. Tá méadú as cuimse tagtha ar an trádáil neamhdhleathach le blianta beaga anuas agus coinníonn roinnt bunaíochtaí na hainmhithe faoi dhrochdhálaí. Is é is aidhm do na rialacha nua caighdeáin an Aontais maidir le leas madraí agus cat a chomhchuibhiú, lena gcumhdaítear cóiríocht, cúram, iompar agus cóireáil i mbunaíochtaí pórúcháin, i siopaí peataí agus i dtearmainn ainmhithe. Rialacha níos fearr maidir le hainmhithe a iompar Gach bliain iompraítear 1.6 billiún ainmhí isteach san Aontas agus amach as. Is é is aidhm do na rialacha nua faid ama taistil a theorannú agus go mbeidh tréimhsí sosa lasmuigh den fheithicil ann le linn turais fhada, íosmhéid spáis a mhéadú agus iompar i dteochtaí foircneacha a chosc. Ní hamháin go dtéann leas ainmhithe chun tairbhe do na hainmhithe féin ach do thomhaltóirí agus d’fheirmeoirí chomh maith, mar go gcuireann sé le córais bhia inbhuanaithe agus go gcuidíonn sé le dul i ngleic le rioscaí don tsláinte phoiblí. Tuilleadh oibre ar fheirmeoireacht fionnaidh Iarradh sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ go mbeadh toirmeasc ón Aontas ar fheirmeoireacht fionnaidh agus ar tháirgí fionnaidh a dhíol ann. Chuir an Coimisiún de chúram ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairim eolaíoch a thabhairt uaidh ar an ábhar sin. Bunaithe ar an tuairim sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ngníomhaíocht is iomchuí agus déanfaidh sé bearta eile a mheas chun cinnte a dhéanamh de leas na n-ainmhithe a dhéantar a shaothrú le haghaidh fionnaidh. Is colún tábhachtach é an pacáiste leasa ainmhithe den straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, clár oibre an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip le haghaidh talmhaíocht agus táirgeadh bia níos inbhuanaithe. Tuilleadh eolais Talmhaíocht agus an Comhaontú Glas Preaseisiúint: Rialacha nua molta ag an gCoimisiún chun leas ainmhithe a fheabhsú Ceisteanna agus Freagraí maidir le Leas Ainmhithe agus iad á n-iompar Bileog eolais maidir le hIompar Ainmhithe Ceisteanna agus Freagraí maidir le leas madraí agus cat Bileog eolais maidir le Cait agus Madraí Ceisteanna agus Freagraí faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ Sonraí Dáta foilsithe7 Nollaig 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide