Córas bia sláintiúil do na daoine agus don phláinéad
Mar gheall ar an nasc idir daoine sláintiúla, sochaithe sláintiúla agus pláinéad sláintiúil, tá córais bhia inbhuanaithe i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, straitéis fáis inbhuanaithe ionchuimsitheach an Aontais. Dearadh í chun dlús a chur leis an ngeilleagar, feabhas a chur ar shláinte daoine agus ar an gcáilíocht saoil, agus aire a thabhairt don dúlra.
Tacaíonn an Comhbheartas Talmhaíochta le córas talmhaíochta agus bia na hEorpa, agus is caighdeán domhanda é cheana féin maidir leis an tsábháilteacht, slándáil an tsoláthair, cothú agus cáilíocht. Anois, ní mór dó a bheith ina chaighdeán domhanda i dtaca leis an inbhuanaitheacht. D’fhéadfadh tairbhí comhshaoil, sláinte agus sóisialta, mar aon le buntáistí eacnamaíocha níos cothroime, eascairt ón aistriú chuig córas bia inbhuanaithe, agus chinnteodh sé inacmhainneacht agus infhaighteacht an bhia ag an am céanna.
Is é sin an fáth ar ghlac an Coimisiún pacáiste beart i mí Iúil 2023 maidir le húsáid inbhuanaithe na bpríomhacmhainní nádúrtha, rud a neartóidh athléimneacht chórais bhia agus feirmeoireachta na hEorpa chomh maith. Mar chuid den phacáiste tá dlí nua maidir le hithir, a chuideoidh linn ithreacha sláintiúla a bheith againn san Aontas faoi 2050, rialachán maidir le plandaí a tháirgtear le teicnící géanóim, agus bearta arb é is aidhm dóibh dramhaíl bhia agus teicstíle a laghdú. Leis sin cuirtear bailchríoch ar na tograí a bhí ann roimhe seo faoin gcolún ‘acmhainní nádúrtha’ den Chomhaontú Glas don Eoraip.
Is iad seo a leanas spriocanna an Aontais:
- slándáil bia a chinntiú agus aghaidh á tabhairt againn ar an éiginnteacht gheopholaitiúil, ar an athrú aeráide agus ar chaillteanas na bithéagsúlachta
- lorg comhshaoil agus aeráide chóras bia an Aontais a laghdú
- athléimneacht chóras bia an Aontais a neartú
- a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú domhanda i dtreo na hinbhuanaitheachta iomaíche ón bhfeirm go dtí an forc
I lár an aonaigh
25 Eanáir 2024 - Sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Idirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta inniu, fóram nua chun cuidiú le fís chomhroinnte a mhúnlú do thodhchaí chóras feirmeoireachta agus bia an Aontais. Leis an Idirphlé Straitéiseach, tabharfar le chéile feirmeoirí, comharchumainn, pobail tuaithe, eagraíochtaí tomhaltóirí agus grúpaí comhshaoil, i measc grúpaí eile, chun teacht ar réitigh, i dteannta a chéile, ar na fadhbanna atá ag feirmeoirí agus ag an earnáil agraibhia i gcoitinne faoi. Eagrófar roinnt cruinnithe téamacha sa chéad leath de 2024.