Tá ról lárnach ag an Aontas maidir le tacú leis an gcultúr agus é a chur chun cinn ar fud thíortha an Aontais, agus a thábhachtaí atá sé don tsochaí, don gheilleagar agus don chaidreamh idirnáisiúnta a aithint. Trí thionscnaimh agus cláir mhaoiniúcháin éagsúla, oibríonn an tAontas chun oidhreacht chultúrtha shaibhir na hEorpa a chaomhnú, éiceachórais fhabhracha a chothú do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn. Cé go bhfuil tíortha aonair an Aontais freagrach as a mbeartais féin maidir le hearnáil an chultúir, cuidíonn an tAontas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, cuir i gcás tionchar na dteicneolaíochtaí digiteacha, samhlacha rialachais chultúrtha atá ag athrú agus an gá atá le tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus iad i mbun nuálaíochta.Is é an clár Eoraip na Cruthaitheachta príomhfhoinse mhaoiniúcháin an Aontais d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Ó 2014 i leith tá sé ag tacú le tionscadail a chothaíonn éagsúlacht chultúrtha, a chuireann léiriú ealaíonta chun cinn, agus a chuireann borradh faoi acmhainneacht eacnamaíoch na dtionscal cruthaitheach. Tá an clár roinnte ina dhá shnáithe, An Cultúr agus MEDIA, agus faigheann sé tacaíocht ó shnáithe trasearnálach a chuireann gníomhaíochtaí nuálacha agus comhoibriú chun cinn ar fud earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha éagsúla. Faoi shnáithe an Chultúir, tacaíonn tionscnaimh amhail An Cultúr – An Eoraip á Bogadh Chun Cinn le soghluaisteacht chultúrtha san Eoraip agus níos faide i gcéin. Leis an tionscnamh seo, cuirtear deontais soghluaisteachta ar fáil d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúrtha ar fud 40 tír rannpháirteach, lena gcumhdaítear earnálacha na hailtireachta, na hoidhreachta cultúrtha, an deartha agus an dearaidh faisin, na litríochta, an cheoil, na dtaibhealaíon agus na n-amharcealaíon. Tá dhá chineál deontais ann, ceann le haghaidh na soghluaisteachta aonair agus ceann d'óstaigh chónaitheachta. Tá an glao is déanaí ar shoghluaisteacht aonair ar oscailt anois agus is féidir iarratais a chur isteach go dtí an 30 Samhain 2024.Is iomaí clár maoiniúcháin eile de chuid an Aontais a thacaíonn leis an gcultúr agus leis an gcruthaitheacht. Aon duine ar mian leis iarratas a dhéanamh, is féidir leis treoir mhaoiniúcháin CulturEU a úsáid. Cuireann an uirlis ghréasáin idirghníomhach sin deiseanna maoiniúcháin atá ar fáil d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcláir an Aontais 2021-2027 i láthair.Chun cur le hinfheictheacht earnálacha cultúir agus closamhairc na hEorpa, tacaíonn an tAontas Eorpach le gníomhaíochtaí, tionscnaimh agus duaiseanna éagsúla. Tá siad sin ceaptha chun luach saothair a thabhairt do dhaoine as an méid atá bainte amach acu agus feasacht ar chultúr agus oidhreacht na hEorpa a mhéadú. Le tionscnaimh amhail Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, arb ainmniú bliantúil é do chathracha a léiríonn tairiscint láidir chultúrtha, cuirtear borradh faoi gheilleagair áitiúla agus méadaítear an leibhéal turasóireachta sna cathracha sin. Cuireann an Lipéad Oidhreachta Eorpach láithreáin chun cinn a bhfuil tábhacht shiombalach Eorpach ag baint leo. Le Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh agus Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha déantar barr feabhais sa litríocht agus san ailtireacht faoi seach a cheiliúradh. Feidhmíonn ‘Bain Ceol as an Eoraip’ mar chreat do thionscnaimh agus do ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a thacaíonn le hearnáil ceoil na hEorpa.Trí infheistíocht a dhéanamh sa chultúr, ní hamháin go neartaíonn an tAontas féiniúlacht agus aontacht na hEorpa ach cuireann sé freisin leis an bhfás eacnamaíoch, leis an gcomhtháthú sóisialta agus le folláine na saoránach.Tuilleadh eolaisAn cultúr agus an chruthaitheachtEoraip na CruthaitheachtaAn Cultúr – An Eoraip á Bogadh Chun CinnGlao oscailte ar shoghluaisteacht aonair ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha Treoir maidir le maoiniú CulturEU 2021-27Príomhchathracha Cultúir na hEorpaLáithreáin an Lipéid Oidhreachta EorpaighDuais an Aontais Eorpaigh don LitríochtDuais an Aontais ar son na hAiltireachta ComhaimsearthaBain Ceol as an Eoraip Sonraí Dáta foilsithe22 Lúnasa 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide