
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis straitéis de chuid an Aontais a sheoladh maidir le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú chun gur áit iontach a bheidh san Eoraip chun tús a chur le cuideachtaí domhanda atá dírithe ar an teicneolaíocht agus iad a mhéadú.
Is iad na gnólachtaí nuathionscanta agus na gnólachtaí atá ag méadú a spreagann an nuálaíocht agus an fás inbhuanaithe, a chruthaíonn poist ardchaighdeáin, a mheallann infheistíocht agus a laghdaíonn spleáchais straitéiseacha. Mar sin féin, bíonn an iomarca acu ag streachailt chun smaointe a aistriú ón tsaotharlann go dtí an margadh nó chun bheith ag fás ar scála laistigh den Aontas. Tugtar aghaidh ar na dúshláin sin leis an straitéis trí thacú leo i gcaitheamh a saolré agus trína bpríomhriachtanais a shainaithint. Cuirtear chun cinn sa straitéis sraith gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún sna míonna amach romhainn i 5 cinn de phríomhréimsí:
- timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht a chothú: níos lú ilroinnte, níos lú ualaí riaracháin agus rialacha níos simplí
- maoiniú níos fearr a chur chun cinn: margadh caipitil fiontair níos mó agus níos comhtháite san Aontas agus rannpháirtíocht mhéadaithe ó infheisteoirí institiúideacha Eorpacha
- tacú le glacadh sa mhargadh agus leathnú an mhargaidh: turas níos tapúla ón tsaotharlann go dtí an margadh
- na daoine tréitheacha is fearr a mhealladh agus a choinneáil: rochtain níos fearr ar dhaoine ardoilte
- rochtain ar bhonneagar, líonraí agus seirbhísí a éascú: coinníollacha rochtana agus conarthacha atá simplithe agus comhchuibhithe
Tá an straitéis ag teacht leis an tionscnamh níos leithne ‘Roghnaigh an Eoraip’. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme na straitéise faoi dheireadh 2027.
Tuilleadh eolais
Straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú
Preaseisiúint: Straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú
Bileog eolais: Straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú
- Dáta foilsithe
- 28 Bealtaine 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide