Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

WhatsApp

Tar éis idirphlé leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), faoi cheannaireacht Ghníomhaireacht Tomhaltóirí na Sualainne agus an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí in Éirinn, arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach, gheall WhatsApp tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir le nuashonruithe ar a théarmaí seirbhíse, sin agus míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann siad difear do chearta agus d’oibleagáidí úsáideoirí. Thairis sin, tabharfaidh WhatsApp an rogha i gcónaí d’úsáideoirí na téarmaí seirbhíse nuashonraithe a dhiúltú fiú má chiallaíonn sé nach féidir le húsáideoirí leanúint de sheirbhísí WhatsApp a úsáid.
 
Dheimhnigh WhatsApp nár roinn agus nach roinneann sé sonraí pearsanta úsáideoirí le tríú páirtithe ná le cuideachtaí Meta eile chun críocha fógraíochta, Facebook ina measc.
 
Forbhreathnú ar na gealltanais: 

Maidir le haon nuashonrú beartais a bheidh ann amach anseo, déanfaidh WhatsApp an méid seo a leanas:

  • míneoidh sé cad iad na hathruithe atá beartaithe aige a dhéanamh ar chonarthaí na n-úsáideoirí agus conas a d’fhéadfadh sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá n-oibleagáidí;
  • an fhéidearthacht na téarmaí seirbhíse nuashonraithe a dhiúltú, déanfaidh sé an fhéidearthacht sin chomh feiceálach céanna leis an bhféidearthacht glacadh leo;
  • cinnteoidh sé gur féidir na fógraí ina bhfuil eolas faoi na nuashonruithe a dhúnadh nó gur féidir moill a chur ar an athbhreithniú ar na nuashonruithe, agus go n-urramóidh sé roghanna na n-úsáideoirí trí gan fógraí a sheoladh chucu arís agus arís eile.

Déanfaidh údaráis CCT monatóireacht ar chur chun feidhme na ngealltanas thuasluaite i ndáil le haon nuashonrú a dhéanfar amach anseo ar théarmaí seirbhíse agus ar bheartais chuideachta, sin agus déanfaidh siad bearta forfheidhmithe i gcás neamhchomhlíonta.  

Sheol Gréasán CCT litir chuig WhatsApp den chéad uair i mí Eanáir 2022 tar éis do Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) agus ocht gcinn de chumainn na heagraíochta sin* foláireamh a thabhairt maidir le cleachtais éagóracha líomhnaithe i gcomhthéacs nuashonruithe WhatsApp ar a dtéarmaí seirbhíse agus ar a mbeartas príobháideachais. 

Thug WhatsApp freagra ar an gcéad litir ó Ghréasán CCT i mí an Mhárta 2022. Mar sin féin, tar éis do Ghréasán CCT measúnú cúramach a dhéanamh ar aighneacht WhatsApp, ní raibh sé suite de na soiléirithe a thug WhatsApp i ndáil leis na hábhair imní a tharraing an Gréasán anuas. Ar iarrataí ón nGréasán CCT, chuir WhatsApp eolas agus soiléirithe breise ar fáil sna litreacha ó mhí Iúil 2022 agus ó mhí Eanáir 2023 lenar ceadaíodh don ghréasán glacadh le gealltanais WhatsApp. 

* APC (an Rómáin), Consumentenbond (an Ísiltír), dTest (Poblacht na Seice), Forbrukerrådet (an Iorua), KEPKA (an Ghréig), EKPIZO (an Ghréig), S.O.S. Poprad (an tSlóvaic) agus UFC-Que choisir (an Fhrainc).

Google

Tar éis idirphlé a tosaíodh in 2021 leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi stiúir Údarás na hÍsiltíre um Thomhaltóirí agus Margaí agus Ard-Stiúrthóireacht na Beilge um Chigireacht Eacnamaíoch, d’aontaigh Google aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann lena chleachtais agus athruithe a dhéanamh ar Google Store, Google Play Store, Google Hotels agus Google Flights chun a chinntiú go mbeifear ag comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le tomhaltóirí.

Forbhreathnú ar na gealltanais:
Chun deimhin a dhéanamh de go gcloífear le rialacha an Aontais maidir le tomhaltóirí, d’aontaigh Google an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Teorainn a chur lena chumhacht, dá bhforáiltear sna Téarmaí Díolacháin, orduithe a chur ar ceal go haontaobhach nó praghas earra ordaithe a athrú ar fógraíodh praghas mícheart ina leith
  • Seoladh ríomhphoist a chruthú a fhéadfaidh na hÚdaráis Tomhaltóirí a úsáid, agus iad sin amháin, chun cumarsáid a dhéanamh go díreach leis an gcuideachta, agus chun ábhar neamhdhleathach a thuairisciú agus chun a iarraidh go mbainfí an t-ábhar sin anuas go tapa ó ardán Google.

Google Flights agus Google Hotels:

  • A samhail ghnó a chur i láthair go soiléir, a bhuí le sraith uirlisí nua a bheith san áireamh in aice leis na roghanna áirithinte, chomh maith le rannán ‘Tuilleadh Eolais’ níos soiléire. Chuir na nochtuithe nua le tuiscint tomhaltóirí go bhfuil conradh á dhéanamh acu go díreach leis an gcuideachta eitilte nó leis an gcuideachta óstáin, seachas le Google, nuair a dhéanann siad áirithint (mar nach bhféadfaí eitiltí ná óstáin a chur in áirithe trí Book on Google a thuilleadh)
  • Cabhrú le tomhaltóirí na praghsanna a úsáidtear a shainaithint go soiléir mar thagairt chun lascaine a ríomh, nuair a chuirtear lascainí chun cinn ar an ardán 
  • A shoiléiriú nach ndeimhníonn siad na léirmheasanna a chuirtear le Google Hotels.
  • Glacadh leis na gealltanais trédhearcachta chéanna a nglacann na hardáin chóiríochta mhóra eile leo (Booking.com, Expedia, Airbnb), a mhéid a bhaineann leis an dóigh a gcuireann sé eolas ar fáil do thomhaltóirí (e.g. maidir le praghsanna nó lascainí)

Google Play Store agus Google Store:

  • Eolas maidir leis an gcuideachta a chur ar fáil do thomhaltóirí (ainm dlíthiúil, seoladh an eintitis, uimhreacha clárúcháin agus uimhreacha CBL) in Google Store, chomh maith le modhanna cumarsáide díreacha agus éifeachtacha chun teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta (e.g. gníomhaire teileafóin beo, seoladh sholáthraí seirbhíse an Aontais, seoladh ríomhphoist) in Google Play Store agus nasc chuig an gclár réitigh díospóidí ar líne sa dá shiopa;
  • Eolas soiléir a chur ar fáil faoina dtáirgí agus seirbhísí atá ríthábhachtach do thomhaltóirí sula dtabharfar an t-ordú i gcrích (eolas réamhchonarthach), amhail costais seachadta a bheith ann nó gan a bheith ann, fad na tréimhse um cheart an tomhaltóra tarraingt siar, agus na ráthaíochtaí dlíthiúla atá ar fáil chun táirgí a dheisiú nó a athsholáthar nach raibh i gcomhréir leis an ordú)
  • Cuirfidh siad ar a gcumas do thomhaltóirí úsáid a bhaint as modhanna íocaíochta ó aon Bhallstát den Aontas Eorpach agus iad ag ceannach ó leaganacha éagsúla tíre de Google Store. 
  • Soiléiriú a thabhairt ar conas na leaganacha éagsúla tíre den Google Play Store a bhrabhsáil agus forbróirí a chur ar an eolas maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán maidir le Geobhlocáil chun a gcuid aipeanna a dhéanamh inrochtana ar fud an Aontais mura féidir brath ar eisceacht shonrach den Rialachán.

Maidir le Google Ads agus Google Search, le soiléirithe a chuir Google ar fáil réitíodh na hábhair imní a tharraing Údaráis CCT anuas sa Chomhsheasamh.

Mar sin féin, tá ceann amháin de chleachtais Google ann go fóill nach gcomhlíonann an Rialachán maidir le Geobhlocáil go hiomlán. Cuireann Google teorainneacha teicniúla i bhfeidhm maidir le húsáid na n-aipeanna a bheadh ar fáil de ghnáth sa tír ina bhfuil an t-úsáideoir lonnaithe go sealadach. Is é an t-údar a thug Google gur féidir le húsáideoirí ó Bhallstát amháin a dtír chónaithe Play a athrú, agus iad ar cuairt ar Bhallstát eile, uair amháin sa bhliain chun rochtain a fháil ar aipeanna áitiúla agus cluichí áitiúla na tíre ina bhfuil siad ar cuairt. Mar sin féin, cé is moite de theorainneacha treallacha na rogha seo (gan ach uair amháin sa bhliain), i gcás athrú den sórt sin ní dhéanfar an t-iarmhéid gan íoc a nascadh ach leis an seanleagan tíre de Google Play. Meastar gur sárú é ar an Rialachán maidir le Geobhlocáil.

Déanfaidh Gréasán CCT monatóireacht ghníomhach ar chur chun feidhme na ngealltanas sin, agus déanfaidh na húdaráis náisiúnta monatóireacht agus forfheidhmiú ar an gcomhlíonadh i gcás ina bhfuil imní ann fós.

26 EANÁIR 2023
Common position of national authorities of the CPC Network concerning the commercial practices and terms and conditions of Google

 

26 EANÁIR 2023
Table of changes agreed by Google

 

TikTok

Sheol an Coimisiún Eorpach agus údaráis CCT idirphlé foirmiúil le TikTok chun athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid cleachtas agus beartas tráchtála, tar éis dóibh foláireamh a fháil ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) i mí Feabhra 2022 faoi sháruithe na haipe comhroinnte físeán ar chearta tomhaltóirí an Aontais. D’éascaigh an Coimisiún an gníomh, agus ba iad Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí in Éirinn agus Konsumentverket, Gníomhaireacht na Sualainne um Chosaint Tomhaltóirí a rinne comhthreorú air thar ceann údarás náisiúnta um chosaint sonraí na mBallstáit go léir.  I measc na n-ábhar imní sonrach, tá an mhargaíocht cheilte, teicnící fógraíochta ionsaitheacha atá dírithe ar leanaí, agus téarmaí conarthacha áirithe i mbeartais TikTok a d’fhéadfaí a mheas go gcuireann siad mearbhall ar thomhaltóirí agus go gcuireann siad ar strae iad. 

Tar éis idirphléití leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí, thug TikTok gealltanas a chuid cleachtas a ailíniú le rialacha an Aontais maidir le fógraíocht agus cosaint tomhaltóirí. Leis na bearta a ghlacann TikTok beidh sé níos éasca do thomhaltóirí fógraí a fheiceáil ar an ardán agus cuirfear i bhfeidhm go hiomlán iad faoi dheireadh R3 2022. Déanfaidh Gréasán CCT monatóireacht ghníomhach ar chur chun feidhme na ngealltanas sin in 2022 agus ina dhiaidh sin, agus leanfaidh Údaráis um Chosaint Sonraí de bheith inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais agus chleachtais nua na cuideachta le rialacha an Aontais um chosaint sonraí.

Déanfaidh údaráis CCT monatóireacht agus measúnú go háirithe ar chomhlíontacht i gcás ina bhfuil imní fós ann, cuir i gcás cé acu an bhfuil soiléireacht leordhóthanach ann maidir le tuiscint leanaí ar ghnéithe tráchtála chleachtais TikTok, ó thaobh fógraíocht phearsantaithe de ina measc, agus ag féachaint do na ‘5 phríomhphrionsabal maidir le fógraíocht chothrom do leanaí’.

21 MEITHEAMH 2022
List of commitments by TikTok to improve their practices

Na meáin shóisialta

De réir mar a dhírítear ar níos mó agus níos mó tomhaltóirí le calaois agus le camscéimeanna trí na meáin shóisialta, fuarthas amach trí ghníomhaíocht chomhpháirteach CCT go dtugann Facebook agus Twitter a dtéarmaí seirbhíse chun comhréireachta le dlí tomhaltóirí na hEorpa; agus comhoibríonn siad go tapa le húdaráis CCT nuair a thuairiscíonn siad ábhar neamhdhleathach ar líne agus nuair a iarrann siad go mbainfí anuas é.

9 AIBREÁN 2019
Factsheets on changes implemented by Facebook

Preaseisiúint 09/04/2019

Preaseisiúint 15/02/2018