Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Pobail a chothú ó ghlúin go glúin trí litearthacht sna meáin

Ceithre thionscadal a maoiníonn an tAontas Eorpach iad, cuirfidh siad idirphlé, forbairt scileanna agus athléimneacht dhaonlathach chun cinn

Forléargas

I mí na Nollag 2025 sheol an Coimisiún Eorpach glao ar thograí chun tacú le tionscadail a nascann glúnta éagsúla faoi théama na litearthachta sna meáin sa Bhulgáir, sa Rómáin, sa Ghréig agus sa Chipir. 

Roghnaíodh ceithre thionscadal chun litearthacht sna meáin a mhéadú agus chun muinín idirghlúine a chothú i bpobail tuaithe agus i mbailte beaga, rud a thugann glúnta éagsúla le chéile i spásanna áitiúla iontaofa amhail leabharlanna, ionaid chultúrtha agus gairdíní pobail.

Tionscadail roghnaithe

Táthar ag maoiniú na gceithre thionscadal le €50,000 an ceann thar thréimhse 8 mí agus cuirfidh siad idirphlé, forbairt scileanna agus athléimneacht dhaonlathach chun cinn tráth a bhfuil athrú sóisialta tapa ar siúl. Tá na comhaontuithe deontais sínithe agus tá na tionscadail á gcur i bhfeidhm cheana féin.

  • An Bhulgáir

    Eagróidh Foundation Together malartuithe scileanna agus plé sibhialta sa Chitalishte áitiúil in Parvenets, rud a chuideoidh chun an bealach a réiteach d’ardán meán pobail.

  • An Rómáin

    Nascfaidh CEPEC.ONG daoine ar fud bhardais tuaithe Bran, Moieciu, Cheia agus Peștera trí cheardlanna idirghlúine, trí ghairdín pobail agus trí amharclann fóraim.

  • An Ghréig

    Beidh an Ollscoil Iónach ina ceann feadhna ar rannpháirtithe ar oileán Kefalonia chun cluiche scáthanna a chruthú ar théamaí litearthachta sna meáin, iad ag tarraingt ar thraidisiún áitiúil agus ag cur leis an traidisiún sin.

  • An Chipir

    Léireoidh CARDET cluiche raidió idirghlúine in Paralimni, ina ndéanfar plé ar théamaí litearthachta sna meáin, agus níos déanaí déanfar conair fuaime de shleachta den chluiche, rud a bheidh ar fáil trí chód QR sa leabharlann áitiúil.

Trí chruthaitheacht, oidhreacht áitiúil agus rannpháirtíocht thrasghlúine a tharraingt le chéile, cuideoidh na tionscadail sin chun na scileanna agus an mhuinín is gá a thabhairt do phobail tuaithe chun dul i ngleic le timpeallacht chasta eolais an lae inniu agus chun an athléimneacht dhaonlathach a threisiú.

Cúlra

Osclaíodh an glao seo ar iarratais an 12 Nollaig 2025 agus dúnadh é an 6 Feabhra 2026.

Ní mór na tionscadail roghnaithe a chur i gcrích i gceantair thuaithe agus i mbailte beaga agus meánmhéide ina bhfuil daonra 50,000 duine nó níos lú

Ní mór do gach tionscadal páirt ghníomhach a thabhairt do dhá cheann ar a laghad de na trí phríomhghrúpa dhéimeagrafacha (leanaí agus daoine óga faoi bhun 25 bliana d’aois, daoine fásta (25-64 bliana d’aois), agus daoine scothaosta (65 bliana d’aois agus níos sine)) i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha fóinteacha maidir le litearthacht sna meáin i spás áitiúil iontaofa.

Is éard atá sna spásanna áitiúla iontaofa suíomhanna laistigh de phobal ina mothaíonn baill an phobail sábháilte agus go bhfuil meas orthu, agus ina mbíonn siad ar a gcompord le chéile, iad ag dul i gcomhar le chéile agus ag plé ábhair éagsúla. D’fhéadfadh siad a bheith inrochtana go poiblí (e.g. leabharlann nó ionad pobail), nó leathphoiblí (e.g. teach cúraim, scoil) ar choinníoll gur féidir leis an spás áitiúil iontaofa cothú muiníne agus naisc shóisialta a éascú i measc a rannpháirtithe.

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le hincháilitheacht agus ceanglais eile don ghlao dúnta seo, féach na doiciméid thíos.

Féadfaidh tú teacht ar na doiciméid sin i mBulgáiris, i nGréigis agus i Rómáinis ar shuíomhanna gréasáin Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh