Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Comhdhálacha agus cruinnithe mullaigh

Seachtain an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

I mí Eanáir 2020, tháinig na rialacha nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhfeidhm, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca do shaoránaigh an Aontais a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh

ECI banner small

Teachtaireacht ó Věra Jourová, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, chun Seachtain an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chur chun cinn.

CLÁRAIGH DON IMEACHT

I mí Eanáir 2020, tháinig na rialacha nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhfeidhm, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca do shaoránaigh an Aontais a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh i réimsí atá tábhachtach dóibh, agus ina bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas gníomhú ina leith.

Ó thús na bliana, tá dhá thionscnamh faighte ag an gCoimisiún, ar tionscnaimh iad ar éirigh leo tacaíocht a fháil ó bhreis agus 1 mhilliún saoránach den Aontas. Tá tacaíocht fós á lorg ag tionscnamh eile agus meastar go gcuirfear isteach iad go luath. Tá an chosúlacht air go mbeidh todhchaí gheal ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, cé go bhfuil sé níos dúshlánaí ná riamh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bhainistiú i ngeall ar an ngéarchéim shláinte.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéim nua sin i saolré an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, agus chun dlús as an nua a chur leis, tugann an Coimisiún Eorpach cuireadh duit freastal ar sheachtain iomlán d’imeachtaí ar líne, iad uile bunaithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Le linn na seachtaine, beidh ionadaithe ó na hinstitiúidí, baill na sochaí sibhialta agus eagraithe tionscnaimh a bhí ann roimhe agus tionscnaimh atá fós ar siúl inár dteannta chun plé a dhéanamh ar an gcaoi le deimhin a dhéanamh de go n-éireoidh leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus é athchóirithe.

Tá do thuairim uainn freisin! Roinn do thuairimí agus do smaointe linn chun tuilleadh feabhais a chur ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le linn na seisiún éagsúil a bheidh mar chuid den imeacht. Déanfar plé ar an oiread sin acu agus is féidir le linn na ndíospóireachtaí painéil agus tabharfaimid freagra orthu i rith sheisiúin éagsúla na Seachtaine agus ar ár gcainéil ar líne.

Déanfar beoshruthú ar líne ar an imeacht agus beidh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: EN, FR, DE, IT, ES, PL.

Is é an Coimisiún Eorpach atá ag eagrú na himeachta le rannpháirtíocht ó institiúidí eile agus comhlachtaí comhairleacha de chuid an Aontais, mar aon le heagraíochta na sochaí sibhialta.

Cláraigh don imeacht

Bain úsáid as do EU login le clárú. Mura bhfuil EU login agat, lean na treoracha seo chun ceann a chruthú.

Beoshruthú ar líne

16 Samhain 2020 | 10:00 – 11:30 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE DEN CHÉAD SEISIÚN – An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 2.0: Dearadh, Rannpháirteachas, Tionchar!
 
17 Samhain 2020 | 10:00 – 11:30 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
Cad iad gnéithe uathúla an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh?
 
17 Samhain 2020 | 12:00 – 13:00 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
Seisiún 2 – Mo scéal faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
 
18 Samhain 2020 | 10:00 – 11:30 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
Seisiún 3 – Feachtasaíocht ar líne le linn COVID-19
 
18 Samhain 2020 | 12:00 – 13:00 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
Seisiún 4 – Mo scéal faoin Tioncnamh Eorpach ó na Saoránaigh
 
Déardaoin 19 Samhain 2020 | 10:00 – 11:30 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
Seisiún 5 – Tionscnamh a sheoladh: moltaí agus leideanna chun tús a chur leis
 
Déardaoin 19 Samhain 2020 | 13:00 – 14:30 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
Seisiún 6 – Cumarsáid a dhéanamh go háitiúil maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
 
20 Samhain 2020 | 10:00 – 11:00 | BEOSHRUTHÚ AR LÍNE
AN SEISIÚN CLABHSÚIR – Aghaidh a thabhairt ar an todhchaí

  • Dé Luain, 16 Samhain 2020, 10.00 - Dé hAoine, 20 Samhain 2020, 11.00 (CET)
  • Ar líne amháin

Eolas praiticiúil

Cathain
Dé Luain, 16 Samhain 2020, 10.00 - Dé hAoine, 20 Samhain 2020, 11.00 (CET)
Cén áit
Ar líne amháin