I gcomhar le páirtithe leasmhara institiúideacha agus na sochaí sibhialta, tá an 10ú heagrán de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh á eagrú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 3 agus an 4 Meitheamh (imeacht ar líne). An 3 Meitheamh, beidh lá iomlán díospóireachtaí ann maidir le hionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh lena ndíreofar ar na gnéithe atá tábhachtach chun go mbeidh an Tionscnamh níos láidre agus chun treisiú a dhéanamh ar an daonlathas rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais.Mar chuid den chlár freisin, reáchtálfar ceardlanna a bheidh dírithe ar eagraithe tionscnamh agus is éard a chlúdófar iontu ábhair ar nós feachtasaíocht ar líne agus tiomsú airgid.An 4 Meitheamh, tabharfar deis d’eagraithe na dtionscnamh atá ar siúl faoi láthair a dtionscnaimh a chur i láthair.Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin gclár, na haíonna agus na ceardlanna, féach leathanach gréasáin an imeachta, a dhéantar a nuashonrú go tráthrialta. Is féidir clárú go dtí an 30 Bealtaine Déardaoin, 3 Meitheamh 2021, 10.00 - Dé hAoine, 4 Meitheamh 2021, 10.00 (CEST)Ar líne amháin Eolas praiticiúil CathainDéardaoin, 3 Meitheamh 2021, 10.00 - Dé hAoine, 4 Meitheamh 2021, 10.00 (CEST)Cén áitAr líne amháinSuíomh gréasáinLá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 2021