Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Faighteoirí maoiniúcháin

Is féidir ainmneacha na dtairbhithe den mhaoiniú a thug an Coimisiún Eorpach gach bliain mar aon le méid an mhaoinithe, cuspóir an mhaoinithe agus an áit a raibh an tairbhí lonnaithe, is féidir sin agus eolas eile a fháil amach.

An córas trédhearcachta airgeadais

Is éard atá sa chóras trédhearcachta airgeadais bunachar d'ainmneacha na ndaoine/dreamanna a fuair maoiniú ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Is féidir le saoránaigh teacht ar shonraí an mhaoinithe a thug an Coimisiún Eorpach uaidh go díreach (ó bhí 2007 ann), agus ar shonraí na ndaoine/na ndreamanna a fuair maoiniú tríd an gCiste Forbraíochta Eorpach (ó bhí 2010 ann).

Cuardach a dhéanamh sa bhunachar d'fhaighteoirí maoiniúcháin

An t-eolas atá ar fáil

  • an té a fuair an maoiniú
  • an t-ábhar, i.e. cuspóir an chaiteachais 
  • an áit a bhfuil an té a fuair an maoiniú lonnaithe
  • méid agus cineál an chaiteachais
  • an roinn a thug an maoiniú 
  • an chuid de bhuiséad an Aontais ónar tháinig an maoiniú 
  • an bhliain a cláraíodh an méid sna cuntais

Tá tuilleadh eolais faoin gcóras trédhearcachta airgeadais sna ranna Ceisteanna Coitianta agus Cabhair, ar an suíomh gréasáin seo.