Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta21 Feabhra 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Leanann cistí téarnaimh d’athrú dearfach a spreagadh agus tacú le geilleagar an Aontais

People cycling on a cycle path

 

Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), ionstraim téarnaimh an Aontais atá i gcroílár phlean NextGenerationEU dar luach €800 billiún, leath bealaigh trína saolré. Tá breithniú déanta ag an gCoimisiún ar an méid a baineadh amach go dtí seo tríd an tSaoráid, agus ar an méid is féidir a fheabhsú amach anseo.

Leagtar béim sa mheastóireacht mheántéarma seo ar an gcaoi a spreagann RRF infheistíochtaí agus athchóirithe, lena ndéantar athrú dearfach ar mhaithe le saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais: 

  • Tá dul chun cinn déanta ag tíortha an Aontais maidir lena gcuid pleananna athchóirithe agus infheistíochta a chur i gcrích: Baineadh breis agus 1150 cloch mhíle agus sprioc amach faoi dheireadh 2023. Leis sin, sábháladh 28 milliún MWh fuinnimh, tugadh rochtain ar an idirlíon do níos mó ná 5.6 milliún teaghlach, agus tugadh cosaint do bheagnach 9 milliún duine ar thubaistí a bhaineann leis an aeráid.
  • Tacaíodh le téarnamh eacnamaíoch an Aontais go héifeachtach ar an gcaoi seo a leanas: Tháinig méadú ar an infheistíocht phoiblí san Eoraip le linn phaindéim COVID-19. Táthar ag tuar go méadóidh sí go 3.4 % de OTI in 2024. Tá téarnamh taghta ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, agus tá laghdú tagtha ar an dífhostaíocht go dtí thart ar 6%.
  • Ionstraim lúfar: Rinneadh athbhreithniú ar gach ceann de na 27 bplean náisiúnta faoi RRF chun freagairt ar mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus ar thubaistí nádúrtha. Dá bhrí sin, tháinig méadú go dtí beagnach €150 billiún ar an tacaíocht a thugann an tAontas do gheilleagair. Áirítear leis sin maoiniú breise le haghaidh 23 chaibidil REPowerEU agus €125.5 billiún i dtacaíocht iasachta bhreise.
  • Athchóirithe a chur chun cinn: Chuidigh RRF le tíortha an Aontais athchóirithe a chur i bhfeidhm i réimsí amhail an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.
  • Borradh suntasach faoin aistriú glas: Sháraigh pleananna uile thíortha uile an Aontais an sprioc 37% maidir le cuspóirí aeráide, agus tá níos mó ná 50% dírithe ar athchóirithe glasa ag tíortha áirithe.
  • Dlús le cur ar a chur i bhfeidhm: Faoi dheireadh 2023, tháinig méadú faoi dhó ar líon na n-iarratas ar íocaíocht. Táthar ag siúl go leanfaidh sin ar aghaidh. Dá bhrí sin, cuirfear níos mó maoinithe fós ar fáil sna míonna agus sna blianta amach romhainn.

Moltar sa tuarascáil freisin feabhas a chur ar an tsolúbthacht maidir le pleananna náisiúnta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, an acmhainneacht riaracháin cheart a chur ar fáil, agus páirt a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus iad á gcur i bhfeidhm.

Bunaíodh RRF in 2021 chun cabhrú le tíortha an Aontais téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus chun cur lena n-athléimneacht. Is é is aidhm dó ár ngeilleagair agus ár sochaithe a dhéanamh níos glaise, níos digití agus níos iomaíche. Bhí sé ríthábhachtach freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha, amhail tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. 

Tuilleadh eolais

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Léarscáil a thaispeánann an méid a mhaoinigh RRF i ngach tír nó réigiún de chuid an Aontais

Meastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)

Bileog eolais maidir leis an tuarascáil mheántéarmach ar RRF

Léargas de réir tíre ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Preaseisiúint: Leath bealaigh trína saolré, leanann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta de bheith ag feidhmiú ar fud an Aontais trí athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Feabhra 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide