Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 26 Meitheamh 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar dhul chun cinn tíortha i dtreo an euro a ghlacadh

Symbolic - Euro coins

 

Tá an Coimisiún tar éis tuairisciú maidir le dul chun cinn na Bulgáire, na Polainne, na Rómáine, na Seicia, na Sualainne agus na hUngáire i dtreo an euro a ghlacadh. Is é an euro an t-airgeadra oifigiúil atá ag 20 Ballstát den Aontas Eorpach agus tugtar ‘an limistéar euro’ ar na Ballstáit sin le chéile. Tá gealltanas dlíthiúil tugtha ag gach Ballstát den Aontas dul isteach sa limistéar euro, seachas an Danmhairg. Tá na 6 thír thuasluaite ag obair i dtreo na sprice sin faoi láthair.

Is ar chritéir shonracha atá measúnú an Choimisiúin bunaithe, ina measc sin cobhsaíocht praghsanna, airgeadas poiblí fónta, cobhsaíocht an ráta malairte, agus cóineasú fadtéarmach na rátaí úis. Léiríonn sé an dul chun cinn atá déanta i ngach ceann de na 6 thír. Mar sin féin, faoi láthair ní chomhlíonann aon cheann acu na critéir uile chun dul isteach sa limistéar euro.

Leagtar amach i dtuarascáil 2024 maidir le cóineasú na critéir atá comhlíonta ag gach tír go dtí seo:

  • Cobhsaíocht praghsanna: comhlíonta ag an tSualainn
  • Airgeadas poiblí: comhlíonta ag an mBulgáir agus ag an tSualainn, agus meastar go gcomhlíonfaidh an tSeicia é
  • Ráta úis fadtéarmach: comhlíonta ag an mBulgáir, ag an tSeicia agus ag an tSualainn
  • Ráta malairte: comhlíonta ag an mBulgáir

Eisítear na tuarascálacha sin ar dhul chun cinn gach 2 bhliain, sin nó ar iarratas sonrach ó thír den Aontas measúnú a dhéanamh ar a réidhe atá sí dul isteach sa limistéar euro. Ar an mbonn sin, cinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh an gcomhlíonann an tír na coinníollacha chun an euro a ghlacadh. Ba í an Chróit an tír is déanaí a tháinig isteach sa limistéar euro in 2023.

Is é an euro an dara hairgeadra is mó úsáid ar domhan. Úsáideann beagnach 350 milliún duine é gach lá. De réir suirbhé a rinneadh le déanaí, creideann formhór na saoránach i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro go mbeadh iarmhairtí dearfacha ann dá dtír féin agus dóibh féin go pearsanta dá dtabharfaí isteach an euro. Ar an iomlán, léirigh 58% de na freagróirí go bhfuil siad i bhfabhar an euro a thabhairt isteach ina dtír féin. 

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: Léargas á thabhairt sa Tuarascáil maidir le Cóineasú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le dul isteach sa limistéar euro

Cad é an limistéar euro?

Buntáistí, stair agus tuilleadh faoin euro

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Torthaí ar shuirbhéanna Eorabharaiméadair

Tuarascálacha ar chóineasú

Sonraí

Dáta foilsithe
26 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide