Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
People at a park holding a round EU flag
Lá na hEorpa

Lánpháirtiú na hEorpa a cheiliúradh an 9 Bealtaine gach bliain

Lá na hEorpa 2025

Sa Choimisiún Eorpach, d’osclaíomar ár ndoirse an 10 Bealtaine i mbliana agus chuireamar fáilte roimh níos mó ná 17,000 duine chuig ár gceanncheathrú i bhfoirgneamh Berlaymont sa Bhruiséil. Leis an imeacht seo, tugadh léargas faoi choim do dhaoine agus tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla. 

Is éard a bhí ann cluichí oideachasúla, dúshláin chruthaitheacha, sraith seastán téamach ag a míníodh obair an Choimisiúin, agus clár siamsaíochta ina raibh léirithe beo. Bhí deis ag cuairteoirí freisin bualadh lenár mbaill foirne ó Europe Direct agus féachaint ar an taispeántas idirghníomhach Experience Europe. 

Eolas faoi Lá na hEorpa

Féadfar fréamhacha Lá na hEorpa a rianú siar go dtí an 9 Bealtaine 1950. Ba é sin an uair a thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince Robert Schuman óráid stairiúil as a dtiocfadh cruthú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach ar deireadh.  

Tugtar Dearbhú Schuman ar an óráid a thug sé an lá sin, agus glactar leis go forleathan gur tháinig an tAontas Eorpach ar an saol an lá sin. San óráid sin, chuir sé plean i láthair le haghaidh comhar níos doimhne san Eoraip. Bhí an plean sin bunaithe ar chroíphrionsabail na síochána agus na dlúthpháirtíochta agus bhainfí amach é trí thionscail ghuail agus chruach Iarthar na hEorpa a chomhtháthú. 

Agus dá bhrí sin, tháinig Lá na hEorpa ar an saol an lá sin. Ceiliúradh bliantúil is ea é, agus gach bliain osclaíonn institiúidí an Aontais a ndoirse agus cuireann siad fáilte roimh chuairteoirí.