Page contents Page contents Moladh maidir le gairmiúlú I mí Dheireadh Fómhair 2017, ghlac an Coimisiún Eorpach ‘moladh maidir le gairmiúlú an tsoláthair phoiblí’ chun tíortha an Aontais a spreagadh le bearta a dhéanamh chun gairmiúlacht na n-údarás conarthach a mhéadú. Tá an moladh mar chuid den phacáiste soláthair phoiblí ina leagtar amach tosaíochtaí do bheartas soláthair an Aontais. Tá beartais maidir le gairmiúlú ar an leibhéal náisiúnta riachtanach chun a chinntiú go mbeidh na scileanna, an t-eolas agus an t-ionracas is gá ag ceannaitheoirí. Ní mór dóibh aghaidh a thabhairt ar oiliúint agus ar bhainistiú gairme na gcleachtóirí soláthair phoiblí, agus uirlisí a chur ar fáil chun an próiseas soláthair a dhéanamh níos éifeachtúla (e.g. uirlisí ríomhsholáthair, treoirlínte, teimpléid). Déanfar an moladh a chomhlánú le creat inniúlachta Eorpach don soláthar poiblí. 3 DEIREADH FÓMHAIR 2017Recommendation (EU) 2017/1805 on the professionalisation of public procurement Leabharlann dea-chleachtas agus uirlisí Trí thaithí a roinnt, cuirfear ar chumas thíortha an Aontais feabhas a chur ar a gcleachtas soláthair agus méadófar tionchar agus cáil an tsoláthair maidir le cuspóirí an bheartais phoiblí a bhaint amach. Chun an méid sin a bhaint amach, tá leabharlann ina bhfuil 90 sampla de dhea-chleachtais agus d’uirlisí ag gabháil leis an moladh atá beartaithe, leabharlann atá ceaptha a bheith ina bailiúchán dinimiciúil a mbeidh tíortha agus údaráis chonarthacha an Aontais in ann cur leis. Ailtireacht a thógáil ar mhaithe le gairmiúlú an tsoláthair phoiblí: Leabharlann dea-chleachtas agus uirlisí ProcurCompEU – an creat inniúlachta Eorpach do ghairmithe soláthair phoiblí Is uirlis é ProcurCompEU a dhear an Coimisiún chun tacú le gairmiúlú an tsoláthair phoiblí. Aithníonn sé agus tacaíonn sé le soláthar poiblí mar fheidhm straitéiseach lena gcuirtear infheistíocht phoiblí ar fáil ar mhaithe leis an bhfás inbhuanaithe. Sainíonn ProcurCompEU 30 príomhinniúlacht i ‘maitrís inniúlachtaí’ chun tagairt choiteann a chur ar fáil do ghairmithe soláthair phoiblí san Aontas agus níos faide i gcéin. Tá uirlis féinmheasúnaithe agus curaclam oiliúna cineálach mar chuid de ProcurCompEU chomh maith. ProcurCompEU – an creat inniúlachta Eorpach do ghairmithe soláthair phoiblí