Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deiseanna maoiniúcháin do ENRanna

Na príomhdheiseanna maoiniúcháin

Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh féin a bhainistíonn isteach agus amach le 80% d'fhoinsí maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh le haghaidh ENRanna. Soláthraíonn gach tír eolas mionsonraithe faoi mhaoiniú agus faoi nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás bainistíochta. Is é an Coimisiún nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh a bhainistíonn an chuid eile.

Cuimsiú sóisialta, comhionannas inscne agus comhdheiseanna

Is féidir go mbeidh ENRanna sna réimsí sin in ann tairbhe a bhaint as tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Is iad na húdaráis bhainistíochta i réigiún nó i dtír de chuid an Aontais Eorpaigh a bhainistíonn na cistí sin.

Cultúr agus na meáin

Tugann an clár Eoraip na Cruthaitheachta tacaíocht do thionscnaimh a bhfuil baint acu leis an earnáil chlosamhairc, chultúrtha agus chruthaitheach. Tá dhá fhochlár sa chlár sin: Cultúr agus na MEÁIN.

Cumhdaíonn na deiseanna a bhaineann le fochlár an Chultúir réimse ilghnéitheach scéimeanna, mar iad seo a leanas: tionscadail chomhair, aistriúchán liteartha, gréasáin agus ardáin, agus an fochlár MEÁIN a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil chun cuidiú le tionscail na scannánaíochta agus an chlosamhairc san Aontas Eorpach a saothar a fhorbairt, a dháileadh agus a chur chun cinn. Maoiníonn sé scéimeanna oiliúna agus scéimeanna forbartha scannánaíochta.

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais agus Cultúir (EACEA) a bhainistíonn an clár 'Eoraip na Cruthaitheachta'.

An tSaoránacht agus an rannpháirtíocht shibhialta a chothú

Is é is aidhm don Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) cearta agus luachanna an Aontais atá cumhdaithe i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn. Cuideoidh sé chun sochaithe oscailte daonlathacha comhionanna cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh. Is é EACEA a bhainistíonn an clár sin freisin.

Taighde agus nuálaíocht

Féadfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha iarratas a dhéanamh ar thionscadail faoi Fís Eorpach, príomhchlár maoiniúcháin an Aontais le haghaidh taighde. Tacaíonn sé le tionscadail taighde i neart réimsí éagsúla, atá idir lámha ag eagraíochtaí agus ag taighdeoirí aonair.

Cabhair forbraíochta agus dhaonnúil

Is féidir le ENRanna maoiniú a fháil faoin gcuid is mó de na cláir théamacha nó réigiúnacha atá á mbainistiú ag an roinn sin de chuid an Choimisiúin a phléann le comhar idirnáisiúnta agus le forbraíocht (INTPA).

Lena chois sin, tá ENRanna i dteideal maoiniúchán le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta tríd an roinn sin de chuid an Choimisiúin a phléann le cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta (ECHO).

Iompar, fuinneamh agus teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC)

Tá roinnt réimsí maoinithe de chuid chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE), ar clár é lena maoinítear tionscadail i réimsí an fhuinnimh, an iompair agus TFC, ar fáil ag Eagraíochtaí Neamhrialtasacha. Tá snáithí SCE á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA).

Deiseanna maoiniúcháin eile

Tabhair do d'aire gur féidir go mbeidh deiseanna eile ann nach bhfuil luaite anseo, deiseanna ar féidir le ENRanna páirt a ghlacadh iontu. Seiceáil liosta na nglaonna.

  • Foilsíonn an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh (FPI) glaonna oscailte ar thograí agus ar thairiscintí go rialta
  • Tá deontais ar fáil faoin gclár LIFE le haghaidh tionscadail éagsúla. Féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil poiblí nó príobháideach atá cláraithe san Aontas togra a sheoladh isteach