Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta9 Bealtaine 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Lá na hEorpa: an dlúthpháirtíocht, an daonlathas agus an éagsúlacht a cheiliúradh

Statement by Robert Schuman, French Minister for Foreign Affairs, on the proposal of the European Coal and Steel Community

 

Ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine gach bliain, déantar idir cheiliúradh agus chomóradh ar Dhearbhú Schuman a cuireadh i láthair in 1950. Leis an doiciméad bunaidh sin de chuid an Aontais Eorpaigh, leagadh síos an bhunchloch don chomhar, don dlúthpháirtíocht agus don tsíocháin mharthanach ar an mór-roinn seo againne. Is siombail i gcónaí é Lá na hEorpa de thiomantas an Aontais don daonlathas, don éagsúlacht agus don aontacht.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bheartaigh grúpa polaiteoirí Eorpacha go mbeadh Eoraip aontaithe ann chun coinbhleachtaí amach anseo a chosc. I nDearbhú Schuman, faoi stiúir Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince Robert Schuman, leagadh amach fís mhisniúil chun acmhainní straitéiseacha a chomhthiomsú, go háirithe gual agus cruach, ar mhaithe le cogadh idir náisiúin a dhíspreagadh.

In 1951, tar éis Dhearbhú Schuman, ba chloch mhíle stairiúil é an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach. Shínigh sé náisiún é (an Fhrainc, Iarthar na Gearmáine, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg), agus leag sé an bhunchloch do lánpháirtiú Eorpach an lae inniu agus a bhuí leis, cruthaíodh comhphobal eacnamaíoch a bheadh ina aontas polaitiúil de réir a chéile.

Sa Dearbhú, dúirt Schuman: “Ní d'aon iarracht amháin a thógfar an Eoraip, ná de réir aon phlean amháin. Is trí thorthaí nithiúla a bhaint amach, rud as a dtiocfaidh dlúthpháirtíocht de facto, a thógfar í.” Agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar Lá na hEorpa 2024, cuimhnímid ar an aisteach ó léirscrios iarchogaidh go dtí Aontas na síochána agus an rathúnais. Tá na prionsabail atá cumhdaithe i nDearbhú Schuman fós mar threoir ag an Aontas, rud a spreagann mór-roinn atá aontaithe ina héagsúlacht.

Tuilleadh eolais

Lá na hEorpa 2024

Dearbhú Schuman

Sonraí

Dáta foilsithe
9 Bealtaine 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide