Volkswagen
Tar éis scannal Dieselgate, sheol na húdaráis CCT litir chuig Grúpa Volkswagen, an 7 Meán Fómhair 2017, inar áitíodh ar an ngrúpa na carranna ar fad lena mbaineann a dheisiú go tapa. I mí na Nollag 2017, gheall Volkswagen leanúint de dheisiúcháin saor in aisce a chur ar fáil in 2018. I mí Iúil 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis náisiúnta tomhaltóirí a gconclúidí maidir leis na 8.5 milliún aisghairm carranna a rinne Grúpa Volkswagen san Aontas tar éis Dieselgate. Is díol sásaimh do na húdaráis an iarracht atá déanta ag Grúpa VW muinín san aisghairm a chothú agus an feabhas suntasach atá tagtha ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí. Tá ráta an deisiúcháin ag druidim le 80% anois agus gheall an Grúpa leanúint leis an nuashonrú saor in aisce go dtí deireadh 2020. Ba chúis aiféala don Choimisiún agus d’údaráis tomhaltóirí, áfach, nach bhféadfadh an chuideachta ráthaíocht iomlán agus shoiléir a thabhairt i gcás fadhbanna tar éis an deisiúcháin.
An 11 Lúnasa scríobh an Coimisinéir um Cheartas agus Tomhaltóirí, Didier Reynders, chuig Grúpa Volkswagen á mholadh go láidir don ghrúpa cúiteamh cóir a thairiscint do thomhaltóirí uile an Aontais a ndearnadh difear dóibh, agus é á chur i dtreis aige go bhfuil súil ag tomhaltóirí go gcaithfear leo ar bhealach cothrom ar fud an Aontais agus go dtabharfar cúiteamh leordhóthanach dóibh as an damáiste a rinneadh dóibh.
Sna sála ar bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus faoi chomhordú an Choimisiúin Eorpaigh, d’eisigh údaráis CCT dearbhú an 28 Meán Fómhair 2021 lenar cinneadh gur sháraigh cleachtais tráchtála Volkswagen i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar charranna díosail atá feistithe le córais neamhdhleathacha láimhsithe gáis sceite, gur sháraigh siad dlí an Aontais um chosaint tomhaltóirí. D’iarr na húdaráis ar an gcomhlacht teacht ar réitigh iomchuí do thomhaltóirí an Aontais ag a bhfuil sásamh á lorg i gcásanna dlí éagsúla ar fud an Aontais chun na blianta eile dlíthíochta a sheachaint. Go dtí seo, níor aontaigh VW ach cúiteamh a thabhairt do thomhaltóirí an Aontais a bhí ina gcónaí sa Ghearmáin nuair a cheannaigh siad an carr. Mar fhreagra air sin, dúirt VW don Choimisiún agus do na húdaráis CCT gur mheas sé nach raibh bunús le híocaíochtaí deonacha a dhéanamh le tomhaltóirí na hEorpa nach bhfuil ina gcónaí sa Ghearmáin mar go bhfuil modhnú déanta anois ar na carranna lena mbaineann chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais dlí. Níl aon athrú tagtha ar sheasamh an chomhlachta d’ainneoin breitheanna ó chúirteanna an Aontais agus ó na cúirteanna náisiúnta.