Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Sula ndéanfaidh tú iarratas: Maoiniú ón Aontas do thosaitheoirí

Eolas ginearálta faoi na cineálacha maoinithe atá ann agus conas comhpháirtithe a aimsiú, eolas a d’fhéadfadh a bheith úsáideach d’iarratasóirí ar spéis leo cur isteach ar mhaoiniú ón Aontas.

Cineálacha maoinithe

Tá cineálacha éagsúla maoinithe ann: deontais, ionstraimí airgeadais (iasachtaí, ráthaíochtaí agus cothromas), fóirdheontais, cistí iontaobhais, duaiseanna agus soláthairtí (conarthaí poiblí). Tá na rialacha cur chun feidhme maidir le gach cineál maoinithe á rialú ag an Rialachán Airgeadais.

Deontais

Is é is deontais ann ranníocaíochtaí díreacha airgeadais ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a bhronntar trí thabhartas do thairbhithe tríú páirtí (eagraíochtaí neamhbhrabúsacha de ghnáth) a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar bheartais an Aontais. Den chuid is mó, tá an caiteachas sin faoi réir ag bainistiú láraithe an Choimisiúin Eorpaigh, ag a ranna féin go díreach nó go hindíreach trí ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó trí ghníomhaireachtaí náisiúnta.

Is cuid mhór de chaiteachas an Aontais Eorpaigh iad deontais agus tagann siad faoi dhá chatagóir leathana:

  • deontais lena maoinítear gníomhaíochtaí atá ceaptha chun cuspóir a bhaint amach atá mar chuid de bheartas de chuid an Aontais
  • deontais oibriúcháin a mhaoiníonn caiteachas oibriúcháin comhlachta a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige, sin nó cuspóir atá mar chuid de bheartas de chuid an Aontais

Tá deontais bunaithe ar na costais iarbhír a thabhaíonn na tairbhithe agus iad i mbun na ngníomhaíochtaí atá i gceist, agus is faoi úinéireacht na dtairbhithe i gcónaí torthaí na gníomhaíochta.

Ionstraimí airgeadais

Is bearta tacaíochta airgeadais iad ionstraimí airgeadais a sholáthraítear ón mbuiséad ar bhonn comhlántach chun aghaidh a thabhairt ar shainchuspóirí beartais de chuid an Aontais.

Féadfaidh ionstraimí den sórt sin a bheith i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí eile roinnte riosca agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar iad a chomhcheangal le deontais; Is féidir le hionstraimí airgeadais an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • giaráil airgeadais – acmhainní buiséadacha ganna a mhéadú trí chistí príobháideacha agus poiblí a mhealladh chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais
  • giaráil beartais – eintitis ar cuireadh cúram orthu a dhreasú, agus idirghabhálaithe airgeadais a dhreasú, chun cuspóirí beartais an Aontais a shaothrú trí ús a ailíniú
  • giaráil institiúideach – leas a bhaint as saineolas na ngníomhaithe atá páirteach sa slabhra cur chun feidhme

Ina theannta sin, leis na hionstraimí sin, a chuirtear chun feidhme i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí poiblí agus príobháideacha, tugtar aghaidh ar theipeanna margaidh i soláthar maoinithe sheachtraigh (mar shampla d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, nó FBManna) agus seachnaítear aon phlódú ar mhaoiniú príobháideach.

Cistí iontaobhais

Is éard atá i gciste iontaobhais sásra maoiniúcháin chomhthiomsaithe ina ndéanann roinnt deontóirí gníomhaíocht a mhaoiniú ar bhonn cuspóirí agus formáidí tuairiscithe a comhaontaíodh go comhpháirteach. Tá a bhord rialaithe féin ag gach ciste iontaobhais de chuid an Aontais, bord a chinneann úsáid na n-acmhainní comhthiomsaithe. Gníomhaíonn ciste iontaobhais de chuid an Aontais thar ceann an Aontais agus thar ceann gach rannpháirtí dá mhaoiniú i dteanna a chéile.

Tá eolas ar fáil faoi na cistí iontaobhais de chuid an Aontais atá ann cheana agus faoi leithdháileadh cistí.

Duaiseanna

Is ranníocaíocht airgeadais í duais a thugtar mar luach saothair tar éis comórtais. Le duaiseanna, déanann institiúidí an Aontais an méid seo a leanas:

  • sár-obair agus éachtaí a aithint
  • infheistíocht a spreagadh – tá duaiseanna spreagtha ceaptha chun infheistíocht a spreagadh i dtreo áirithe agus is é an clár Fís Eorpach is mó a bhaineann úsáid astu

Fóirdheontais

Fóirdheontais atá i gcuid mhór den mhaoiniú a chuireann an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar fáil, lena gcuirtear, i measc nithe eile, íocaíochtaí díreacha airgid ar fáil d’fheirmeoirí ionas gur féidir leo cur lena n-ioncam. Is é is aidhm d’fhóirdheontais freisin an éagothromaíocht eacnamaíoch agus shóisialta a laghdú sna réigiúin is boichte san Aontas. Trí Chiste Comhtháthaithe an Aontais, bronntar fóirdheontais chun íoc as tionscadail bhonneagair agus chun an comhshaol a chosaint.

Conarthaí soláthair phoiblí

Is éard atá i soláthar poiblí seirbhísí soláthairtí nó oibreacha a cheannaíonn údarás conarthach (Institiúid de chuid an Aontais nó riarachán áitiúil sa Bhallstát) trí chonradh poiblí.

Mar riail ghinearálta, is léir nach ionann conradh poiblí agus deontas:

  • i gcás conartha, faigheann an t-údarás conarthach táirge nó seirbhís a theastaíonn uaidh i gcomaoin íocaíochta
  • i gcás deontais, rannchuidíonn sé le tionscadal a chuireann eagraíocht sheachtrach i gcrích nó a dhíríonn ar an eagraíocht sin toisc go gcuireann a ghníomhaíochtaí le haidhmeanna beartais an Aontais

Má tá conarthaí soláthair phoiblí á lorg agat, féach na deiseanna tairisceana le do thoil

Comhpháirtí tionscadail a aimsiú

Bunús na dtionscadal a dtugann an tAontas maoiniú dóibh, bíonn comhobair i gceist leo, comhobair idir eagraíochtaí as Ballstáit éagsúla den Aontas nó as tíortha comhlachaithe de chuid an Aontais. Tá roinnt seirbhísí cuardaigh ann lenar féidir comhpháirtithe a chuardach.

Cén sórt eagraíochta is féidir a bheith ina comhpháirtí?

Is féidir le gnólacht, eagraíocht nó eagraíocht neamhrialtasach ar bith a bheith ina comhpháirtí, is cuma cá bhfuil siad lonnaithe, ar choinníoll go bhfuil siad inmharthana ó thaobh airgeadais de agus go bhfuil siad incháilithe chun na cúraimí a dhéanamh atá leagtha síos sa togra le haghaidh tionscadail.

Ní mór cruthúnas a thabhairt, áfach, a léiríonn go bhfuil siad in ann, go hoibríochtúil agus ó thaobh airgeadais de, cúraimí an tionscadail a dhéanamh.

Comhpháirtí a chuardach

Tá lánchead ag gach iarratasóir comhpháirtí a chuardach, ach féach go bhfuil seirbhísí cuardaithe comhpháirtithe éagsúla ann, a chuideoidh leat eagraíochtaí a aimsiú ar mian leo páirt a ghlacadh i dtograí, nó a fhoilseoidh do thairiscintí.

Cuimsíonn Tairseach na nDeiseanna Maoiniúcháin & Tairiscintí cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistiú díreach. Cabhraíonn an uirlis chuardaigh i leith comhpháirtithe leat comhpháirtithe a aimsiú do do thionscadal i measc an rannpháirtithe iomadúla a ghlac páirt i dtionscadail de chuid an Aontais roimhe seo. Beidh tú in ann eagraíocht a roghnú ar bhonn a próifíle nó ar bhonn a rannpháirtíochta roimhe seo.

Is féidir comhpháirtithe a aimsiú freisin agus tú ag freagairt do nós imeachta soláthair mar chuibhreannas. Tá tuilleadh eolais faoin dá mhodh sin ar fáil faoi Conas páirt a ghlacadh.

De réir an chineáil cláir maoiniúcháin atá i gceist, tá pointí náisiúnta teagmhála ann a chuireann seirbhísí cuardaithe comhpháirtithe ar fáil, agus a thairgeann próifílí mionsonraithe de chomhpháirtithe agus iarratais bheo chomhpháirtíochta.

Tá eolas agus seirbhísí ann, a bhaineann le réimse ábhar, chun cabhrú leat comhpháirtithe a aimsiú, iad seo a leanas ina measc: